FAQs
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin EPSO?
Chun iarratas a dhéanamh ar chomórtais oscailte:
- Roghnaigh comórtas a oireann do do phróifíl.
- Léigh an Fógra Comórtais go grinn.
- Cliceáil ‘Déan iarratas’ ar leathanach gréasáin an chomórtais agus logáil isteach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí trí do chuntas EU Login a úsáid (nó cruthaigh ceann más gá).
- Líon isteach an fhoirm iarratais agus cuir isteach roimh an sprioc-am í.
- Tá eolas mionsonraithe ar fáil sa rannán Iarratas ar an leathanach gréasáin Próisis roghnúcháin le haghaidh poist bhuana.
Chun iarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh:
- Féach leathanach na mball foirne ar conradh agus roghnaigh an phróifíl is fearr a oireann do do cháilíochtaí agus do do thaithí.
- Léigh na doiciméid thábhachtacha uile, go háirithe an Glao ar léiriú spéise.
- Roghnaigh próifíl agus cláraigh don ghrúpa feidhme atá ar fáil
- Iarrfar ort ansin logáil isteach i do chuntas EPSO. Mura bhfuil cuntas agat, cruthaigh ceann chun tosú.
- Líon isteach d’fhoirm iarratais agus cuir isteach í. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá tú do chlárú i mbunachar sonraí EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh.
Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, déanann seirbhísí earcaíochta institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais bunachar sonraí EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh a chuardach agus cuireann siad na hiarrthóirí is fearr a oireann do riachtanais an phoist ar ghearrliosta.
Tugtar cuireadh do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta trialacha scileanna réasúnaíochta a dhéanamh (trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí) agus d’fhéadfadh sé go dtabharfadh an institiúid nó an comhlacht earcaíochta cuireadh chun agallaimh dóibh níos déanaí. Is trí do chuntas EPSO a chuirfear gach nuashonrú agus gach cuireadh in iúl duit.