FAQs
An féidir liom cur isteach ar níos mó ná ceann amháin de na próisis roghnúcháin, na próifílí agus/nó na grúpaí feidhme?
Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana:
Féadfaidh iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar níos mó ná comórtas oscailte amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach san fhógra comórtais lena mbaineann.
Mar sin féin, ní féidir níos mó ná iarratas amháin a chur isteach ar an gcomórtas céanna, mura sonraítear a mhalairt go sainráite san fhógra comórtais.
Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:
Féadfaidh iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar níos mó ná próifíl amháin nó níos mó ná grúpa feidhme amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta atá leagtha amach sa ghlao ar léiriú spéise lena mbaineann.
Mar sin féin, ní cheadaítear ach aon iarratas amháin in aghaidh na próifíle. Mar shampla, ní féidir le hiarrthóirí níos mó ná iarratas amháin a chruthú don phróifíl ‘aistritheoirí’, ina measc sin iarratais a bhfuil sprioctheangacha éagsúla ag gabháil leo.
Is féidir leat do theangacha ar fad a lua faoi ‘Scileanna teanga’ san fhoirm iarratais má tá eolas agat ar níos mó ná dhá theanga oifigiúla. Fágfaidh sé sin go mbeidh na seirbhísí earcaíochta in ann teacht ar d’iarratas de réir a riachtanas teanga sonrach féin.