Skip to main content

FAQs

An gcaithfidh mé mo phróifíl agus mo CV a chomhlánú sula gcuire mé tús le m’iarratas ar chomórtas oscailte?

Question categories:

Caithfidh. Agus iarratas á dhéanamh agat ar chomórtais oscailte do bhaill foirne bhuana, tiocfaidh teachtaireacht aníos má tá eolas éigeantach ar lár i do chuntas iarrthóra nuair a thosaíonn tú iarratas.

Mar a mhínítear sa teachtaireacht, ní mór d’iarrthóirí rannáin éigeantacha áirithe dá bpróifíl a chomhlánú sula ndéana siad iarratas:

  • I gcás gach iarrthóra: sa rannán ‘Mo CV’, an méid seo a leanas ar a laghad: 
    • dhá cheann de theangacha oifigiúla an Aontais a chur le ‘Scileanna teanga’, 
    • iontráil amháin a chur le ‘Oideachas agus oiliúint’, 
    • agus cóip de dhoiciméad aitheantais bailí a chur leis. 
  • I gcás iarrthóirí seachtracha amháin: ní mór náisiúntacht a chur in iúl sa rannán ‘Mo phróifíl’. 
  • I gcás iarrthóirí inmheánacha amháin: ní mór seoladh ríomhphoist pearsanta a chur leis an rannán ‘Mo phróifíl’. 

Nuair a bheidh an t-eolas riachtanach sin comhlánaithe, beidh tú in ann tús a chur le d’iarratas.

Molaimid freisin féachaint ar an bhfíseán teagaisc céim ar chéim faoin dóigh le hiarratas a dhéanamh ar chomórtais EPSO, rud a threoróidh tríd an bpróiseas ar fad thú, agus a chuideoidh leat fadhbanna coiteanna a sheachaint.