
An fhís

Is é an fhís atá againn an lucht saothair is fearr a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais, ar lucht saothair é a chomhlíonann na riachtanais atá acu. Déantar an fhís sin a bhaint amach trí phróisis roghnúcháin ardfheidhmíochta éifeachtúla éifeachtacha a reáchtáil, mar aon le cur chuige nuálach a chur i bhfeidhm.
Trí na spreagthaí seo a leanas, tabharfar treoir don stiúradh straitéiseach atá leagtha amach againn:
- Réamhghníomhaíocht agus díriú ar an gcliant
- Meon nuálaíochta a chothú agus an cumas treochtaí a thuar i dtaca le tallann a shainaithint
- Próisis roghnúcháin a úsáid lena mealltar díorma tallainne ilghnéitheach.
- Catalóg seirbhísí a sholáthar lena léirítear riachtanais na n-institiúidí ar a bhfuil sé ag freastal.
- Deimhin a dhéanamh de go mbíonn nósanna imeachta soiléir, trédhearcach agus inrochtana do na hiarrthóirí go léir. Tá gearáin in ainm bheith as an ngnáth agus gníomhaítear orthu de réir dea-chleachtais riaracháin.