Skip to main content

Beartas athsceidealaithe trialacha i gcás éigeandálaí leighis nó teaghlaigh

Iarrthóirí nach féidir leo freastal ar a dtriail sceidealta ar líne mar gheall ar na nithe seo a leanas:

  • fadhb leighis,
  • garghaol a bheith buailte ag éigeandáil,

féadfaidh siad dáta tástála nua a iarraidh trí dhoiciméid tacaíochta bhailí a chur isteach.

Is iondúil go mbíonn riochtaí leighis, éigeandálaí nó teagmhais gan choinne agus dosheachanta i gceist le cásanna éigeandála a bhaineann leis an tsláinte, a dtagann lagú fisiceach, cognaíoch nó síceolaíoch tobann nó suntasach ar an duine dá mbarr lá na trialach nó thart ar an lá sin, rud a fhágann nach féidir leis an duine páirt a ghlacadh sa triail. 

Anseo thíos tá liosta de na riochtaí agus éigeandálaí sláinte is coitianta a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar le neamhláithreacht ag trialacha EPSO.

Cásanna leighis 

  • Géarthinnis thromchúiseacha (e.g., fiabhras ard ó ionfhabhtú víreasach nó baictéarach, fliú, COVID-19)
  • Géar-ghaistreintríteas 
  • Frithghníomhú ailléirgeach tromchúiseach nó taom asma, anacair riospráide 
  • Stróc nó taom croí, taom hipirtheannasach
  • Veirtige nó géar-neamhoird chothromaíochta
  • Taomanna, mígréiní, taomanna scaoill
  • Téarnamh nó díluailiú iarobráide
  • Ospidéalú mar gheall ar thinneas tobann, timpiste (gortú tromchúiseach), nó obráid éigeandála
  • Aimhréidh le linn toirchis (e.g., luí seoil éigeandála, breith anabaí) 
  • Riochtaí eile a bhfuil idirghabháil leighis phráinneach* ag teastáil ina leith a chuireann éagumas ar an iarrthóir

Tabhair do d’aire: tá an liosta seo táscach agus ní liosta iomlán é. Déantar measúnú ar gach iarraidh ar bhonn cás ar chás, agus féadfaidh EPSO soiléiriú breise nó doiciméadacht leighis a iarraidh i gcás inar gá.

Éigeandálaí a bhaineann leis an teaghlach

  • Éigeandáil leighis thromchúiseach a chuireann isteach ar gharghaol, a bhfuil ospidéalú práinneach nó idirghabháil leighis tarrthála de dhíth ina leith lá na tástála, nó ar an lá díreach roimhe sin.
  • Garghaol a bheith ospidéalaithe nó a bheith curtha faoi dhianchúram mar gheall ar riocht criticiúil lá na tástála, nó ar an lá díreach roimhe sin.
  • Bás garghaoil lá na trialach, nó an lá díreach roimhe sin.
  • Sochraid garghaoil lá na trialach.

Chun críocha an bheartais seo, tagraíonn garghaol do shinsear nó do shliochtach suas go dtí an dara céim den ghaol fola (tuismitheoirí, leanaí, seantuismitheoirí agus garleanaí ina measc), siblíní, céile, nó páirtnéir sibhialta cláraithe.

Conas iarraidh ar athsceidealú a chur isteach

Na hiarrthóirí nach féidir leo triail a dhéanamh, ní mór dóibh doiciméid tacaíochta a chur isteach tríd an bhfoirm theagmhála a luaithe is féidir roimh dháta na trialach agus tráth nach déanaí ná an sprioc-am chun gearáin theicniúla a chur isteach atá sonraithe san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise.

Mura bhfuil iarrthóirí in ann na doiciméid tacaíochta a chur ar fáil laistigh den sprioc-am sin (mar shampla mar gheall ar thimpiste nó ospidéalú), ní mór dóibh iad a chur isteach a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Sna cásanna sin, ní mór an méid seo a leanas a chumhdach sna doiciméid tacaíochta:

  •  dáta na trialach 

                  agus

  • an tréimhse idir an sprioc-am chun gearán teicniúil a chur isteach agus an dáta a chuirtear na doiciméid isteach.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh ar an teastas leighis le haghaidh riochtaí sláinte:

  • deimhniú gur scrúdaigh dochtúir an t-iarrthóir lá na trialach a cailleadh nó an lá roimhe sin
  • dáta na trialach a chumhdach go sainráite. Ní ghlacfar le teastais a chumhdaíonn tréimhse éiginnte
  • ní mór a lua go sainráite ann go raibh an t-iarrthóir neamhábalta ó thaobh leighis de an triail a dhéanamh ar an dáta sceidealaithe, agus ní mór an chúis le héagumas an iarrthóra a lua go soiléir. Ní ghlacfar le ráitis dhoiléire ná le nótaí saoire breoiteachta nach ndéanann an tagairt is gá d’éagumas an iarrthóra an triail a dhéanamh

I gcás éigeandáil leighis nó bás garghaoil:

  • d’fhéadfadh tuarascáil ospidéil, teastas báis, nó aon doiciméad oifigiúil a dheimhníonn an teagmhas, a bheith san áireamh sna doiciméid tacaíochta
  • ní mór a thaispeáint go soiléir ar na doiciméid tacaíochta gur tharla an teagmhas ar dháta na trialach, sin nó ar an lá díreach roimh dháta na trialach
  • ní mór do na doiciméid tacaíochta cruthúnas a chur ar fáil ar an ngaol dlíthiúil teaghlaigh atá ag an iarrthóir leis an duine a cuireadh san ospidéal/atá tinn/a fuair bás.

Ní mór na doiciméid tacaíochta a eisiúint i gceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh; seachas sin, ní mór aistriúchán go ceann de na teangacha sin a bheith ag gabháil leo. 

Déanfaidh EPSO gach iarracht a dheimhniú le ríomhphost, a luaithe is féidir, gur glacadh leis na doiciméid tacaíochta a cuireadh isteach roimh dháta na trialach. Má chuirtear na doiciméid tacaíochta isteach go gairid roimh am sceidealaithe na trialach, áfach, ní bhíonn sé ina scéal cinnte go ndeimhneofar na doiciméid go tráthúil.

Más amhlaidh a thiocfaidh iarrthóir chun triail a dhéanamh, in ainneoin doiciméid tacaíochta a bheith curtha isteach aige, is amhlaidh a mheasfar é a bheith ábalta an triail a dhéanamh. Dá réir sin, ní cheadófar dó an triail a athdhéanamh ar an éileamh go raibh tionchar ag an tinneas nó ag cás éigeandála eile air agus é ag déanamh na trialach.

Is é EPSO atá freagrach as bailíocht na ndoiciméad uile a chuirtear isteach a fhíorú. Mar chuid den phróiseas fíorúcháin déantar seiceáil ar chomhlíonadh na gceanglas éigeantach uile atá sonraithe thuas maidir le doiciméid a chur isteach

Má tá eolas bunriachtanach in easnamh sna doiciméid, féadfaidh EPSO sonraí breise a iarraidh sula ndéana sé cinneadh críochnaitheach.

Cinntí a chur in iúl:

  • Taifeadtar iarrataí faofa ar athsceidealú, agus cuirtear na hiarrthóirí ar an eolas faoin gcéad seisiún trialacha eile a dtabharfar cuireadh dóibh chuige
  • Mura nglactar leis an iarraidh, cuirfear an méid sin in iúl don iarrthóir agus tabharfar míniú ina leith dó


Triail a dhéanamh tar éis iarraidh ar athsceidealú a bheith faofa 

In éineacht leis an bpríomhsheisiún trialacha, féadfaidh EPSO dhá dheis tástála eile a thairiscint d’iarrthóirí ar faomhadh a n-iarraidh ar athsceidealú, agus údar cuí ag gabháil léi:

  • seisiún teagmhais, rud a reáchtáiltear laistigh de 3-4 seachtaine ón bpríomhsheisiún trialacha de ghnáth agus a bhíonn ar siúl ar dháta réamhsceidealaithe 
  • seisiún athdhéanta trialacha, rud atá beartaithe go príomha d’iarrthóirí a bhfuil imthosca eisceachtúla acu (e.g. cur isteach tromchúiseach teicniúil, toircheas a theacht chun críche, nó éagumas leanúnach leighis le linn an phríomhsheisiúin trialacha agus an tseisiúin teagmhais)

    Déantar dátaí athdhéanta trialacha a sceidealú bunaithe ar EPSO a bheith ar fáil go hoibríochtúil agus ar ábhar na dtrialacha a bheith ar fáil. 
    Ní fhéadfaidh EPSO sceideal pearsanta an iarrthóra a chur san áireamh agus seisiún athdhéanta trialacha á sceidealú aige, óir d’fhéadfadh athsceidealú trialacha difear a dhéanamh do roinnt iarrthóirí ag an am céanna.

Iarrthóirí nach bhfuil in ann freastal ar an bpríomhsheisiún trialacha agus ar glacadh lena dteastas leighis nó lena dhearbhú gurb ann do chás éigeandála, ceadófar dóibh páirt a ghlacadh sa seisiún teagmhais trialacha.

Iarrthóirí nach bhfuil in ann freastal ar an bpríomhsheisiún trialacha ná ar an seisiún teagmhais, mar gheall ar 

  • iarrataí iomadúla ar athsceidealú, a bhfuil údar cuí leo, ar fhorais leighis nó éigeandála lena gcumhdaítear an dá dháta 
    sin nó
  • riocht sláinte fadtéarmach agus údar bailí leis lena gcumhdaítear an dá dháta

ceadófar dóibh páirt a ghlacadh sa seisiún athdhéanta trialacha. Déanfar an t-athsceidealú a thaifeadadh, agus cuirfear an t-iarrthóir ar an eolas faoi dháta nua na dtrialacha.

I gcás nach féidir le hiarrthóir páirt a ghlacadh in aon cheann de na trí sheisiún trialacha a chuirtear ar fáil (is é sin an príomhsheisiún, an seisiún teagmhais, agus an seisiún athdhéanta trialacha), measfar go bhfuil deireadh tagtha lena rannpháirtíocht sa chomórtas. 

Níl aon oibleagáid ar EPSO deiseanna breise tástála a chur ar fáil tar éis an tseisiúin athdhéanta trialacha.

I ndáil le prionsabail na comhréireachta agus an dea-riaracháin, ní mór do EPSO an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna na n-iarrthóirí a chosaint a ndéanann imeachtaí gan choinne (amhail tinneas nó éigeandáil) difear dóibh ar thaobh amháin, agus leas na seirbhíse a chosaint iarrthóirí rathúla a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh go tráthúil, chomh maith le hionchais dhlisteanacha na n-iarrthóirí eile go ndéanfar iad a roghnú go cothrom, go pras agus gan moill mhíchuí, ar an taobh eile. Dá bhrí sin, ní mór do EPSO socruithe a bhaint amach lena gcosnófar go leordhóthanach leasanna na n-iarrthóirí a ndéanann na himeachtaí gan choinne difear dóibh, gan cur isteach ar sceideal an chomórtais ná moilleanna díréireacha a chur air.

Má chuirtear deireadh le rannpháirtíocht mar gheall ar neamhláithreacht i leith na dtrialacha, tá sé sin gan dochar do rannpháirtíocht an iarrthóra i gcomórtais eile (a tharlaíonn ag an am céanna nó a tharlóidh amach anseo).


Príobháideachas sonraí agus coimeád taifead

I gcás gach iarrata ar athsceidealú mar gheall ar riocht sláinte nó éigeandáil a bhaineann leis an teaghlach, déanfar iad a dhoiciméadú agus déanfar an doiciméadacht sin a stóráil go slán, i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le cosaint sonraí. Ní bhainfear úsáid as an eolas a bhaileofar ach amháin chun na hiarrataí ar athsceidealú a phróiseáil agus chun comhlíonadh na nósanna imeachta bunaithe a chinntiú. 

Cuirfear na nósanna imeachta uile chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na ceanglais dhlíthiúla agus rialála ábhartha. Déanfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a phróiseáil i gcomhréir le Ráitis Phríobháideachais Sonraí EPSO (DPR-EC-01159 agus DPR.EC-30388), ina leagtar amach na prionsabail is infheidhme maidir le cosaint sonraí, tréimhsí coinneála, agus cearta na n-ábhar sonraí.