Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén cineál cáilíochtaí gairmiúla a theastaíonn uaim?

Question categories:

Teastaíonn taithí oibre ábhartha le haghaidh roinnt post.
Chun go gcuirfear do thaithí san áireamh, ní mór obair cheart ar íocaíocht a bheith i gceist, obair a dhéantar mar fhostaí nó mar sholáthraí seirbhíse, agus obair a bhaineann leis na dualgais san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise.

Cén cineál taithí a nglactar léi?

  • Obair ar íocaíocht: Aon chineál conartha (fostaí, féinfhostaithe, saoroibrí, státseirbhíseach, etc.).

  • Obair dheonach: I gcás ina gcúitítear ar bhealach éigin í agus ina bhfuil sí inchomparáide le hobair lánaimseartha, agus sa chás sin amháin.

  • Intéirneachtaí: I gcás ina bhfuil íocaíocht ag gabháil leo, agus sa chás sin amháin.

  • Seirbhís mhíleata: Cuirtear seirbhís mhíleata éigeantach san áireamh suas leis an tréimhse dhlíthiúil i do thír féin.

  • Saoire mháithreachais/tuismitheora/altramais: Ní chuirtear san áireamh í ach amháin má thógtar í le linn conradh gníomhach oibre.

  • Dochtúireacht (PhD): Cuirtear san áireamh í mar 3 bliana de thaithí ar a mhéad má tá an PhD curtha i gcrích go rathúil.

  • Obair pháirtaimseartha: Is ar bhonn pro rata (e.g. 50% ar feadh 6 mhí = 3 mhí) a chuirtear san áireamh í.

Tábhachtach:
Ní chuirfear san áireamh ach taithí a fuarthas tar éis an dioplóma is gá a ghnóthú le haghaidh an chomórtais.

Is é an bord roghnúcháin a dhéanann an incháilitheacht a athbhreithniú agus a dheimhniú. Beidh a gcinneadh le feiceáil i do chuntas iarrthóra.