FAQs
Ní féidir liom logáil isteach i mo chuntas EPSO ná é a rochtain. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
I dtús báire, déan a chinntiú go bhfuil tú ag úsáid na sonraí cearta chun logáil isteach (féach ‘An bhfuil d’ainm úsáideora/logáil isteach dearmadta agat? / An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’).
Tabhair do d’aire nach ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat. D’fhéadfaí duine a eisiamh ón bpróiseas roghnúcháin de dheasca níos mó ná cuntas amháin a bheith aige.
I gcásanna áirithe, féadfar cuntais a scriosadh i gcomhréir le rialacha EPSO maidir le cosaint sonraí, sna cásanna seo a leanas mar shampla:
- mura bhfuil aon iarratas curtha isteach agus má cruthaíodh an cuntas níos mó ná bliain ó shin;
- má tá gach próiseas roghnúcháin ina raibh tú páirteach curtha i gcrích le níos mó ná bliain anuas;
- má earcaíodh thú ó phainéal níos mó ná bliain ó shin; sin nó
- má tá an painéal ar a raibh tú curtha i gcrích.
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil cuntas agat cheana féin, úsáid an fheidhm ‘An bhfuil d’ainm úsáideora/logáil isteach dearmadta agat?’ le gach seoladh ríomhphoist a d’fhéadfadh a bheith úsáidte agat roimhe seo. Is féidir leat an fheidhm ‘An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’ a úsáid ansin chun rochtain a fháil arís.
Mura bhfuil rochtain agat fós ar do chuntas nó mura bhfuil rochtain agat a thuilleadh ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha leis, déan teagmháil le foireann tacaíochta EPSO láithreach.
- Má tá rochtain agat fós ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas, is féidir leat féin é a athrú faoi ‘Sonraí pearsanta’ – ‘Cuir mo shonraí pearsanta in eagar’.
- Mura bhfuil rochtain agat ar an seoladh ríomhphoist sin a thuilleadh, déan teagmháil le foireann tacaíochta EPSO agus tabhair cóip de do chárta aitheantais nó de do phas a léiríonn do dháta breithe, ionas gur féidir do chéannacht a fhíorú agus do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú.