Sula gcuire tú do cheist/do cheisteanna isteach:
- Féach ar rannán na gCeisteanna Coitianta, agus mura n-aimsíonn tú an freagra atá tú a lorg, beimid sásta do cheist shonrach/do cheisteanna sonracha a fhreagairt;
- Roghnaigh tagairt cheart do phróisis roghnúcháin, más infheidhme;
- Tabhair d’uimhir iarratais, má tá ceann agat.
D’fhéadfadh sé nach ndéanfaí ceisteanna neamhiomlána a phróiseáil laistigh den ghnáth-sprioc-am agus d’fhéadfadh sé moill a chur ar an obair leantach.
Chun gearán a dhéanamh, bain úsáid as an bhfoirm ghréasáin shonrach.
I gcás comórtais a bhainistítear ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, cuir isteach gach comhfhreagras tríd an tairseach agus tríthi sin amháin. Foghlaim conas cumarsáid a dhéanamh ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí