Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An Dara Suirbhé de chuid EPSO ar an Éagsúlacht

picture with a group of people

Is céim thábhachtach chun cinn í an tuarascáil ar an Dara Suirbhé de chuid EPSO ar an Éagsúlacht chun an éagsúlacht a thuiscint agus a chur chun cinn i measc iarrthóirí ar ghairmréimeanna in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tá an tuarascáil bunaithe ar bhreis agus 6,400 freagra a fuarthas trí fhéindearbhuithe a thug freagróirí dá ndeoin féin, agus cumhdaítear inti príomhthréithe an díorma iarratasóirí atá ag EPSO faoi láthair.

tuarascáil iomlán an tsuirbhé le fáil chomh maith le bileoigín dhá leathanach ina ndéantar achoimre ar phríomhthorthaí an tsuirbhé ar an éagsúlacht.

Cad é is aidhm don suirbhé?

Cuireann an dara suirbhé seo leis na léargais ó shuirbhé píolótach 2021 de chuid EPSO agus tugtar léargas níos soiléire ann ar na daoine atá ag cur isteach ar dheiseanna gairme in institiúidí an Aontais. Chomh maith leis sin, cuidíonn sé linn an dul chun cinn a thomhas le himeacht ama agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar ár n-iarrachtaí teagmháil a dhéanamh le pobail níos éagsúla.

Cad é a d’fhoghlaimíomar?

D’ainneoin teorainneacha bunúsacha amhail rannpháirtíocht dheonach agus féindearbhú, deimhníonn torthaí 2024 treochtaí a bhí ann roimhe sin den chuid is mó, agus béim á leagan ar roinnt athruithe spreagúla, go háirithe ó thaobh eitneachta, cúlra socheacnamaíoch agus míchumais de.

I mbeagán focal:

  • Tá gnáthiarrthóirí EPSO fós mórán mar an gcéanna leo siúd in 2021, ach tá roinnt athruithe dearfacha ann ó thaobh príomhghnéithe éagsúlachta de.
  • aois na n-iarrthóirí níos airde ná mar a bhí sa chéad suirbhé san aoisghrúpa ‘os cionn 50’, mar a bhfuil an céatadán méadaithe ó 12% in 2021 go 22% in 2024. Is toradh é sin ar chomórtais speisialaithe a reáchtáil den chuid is mó, a bhfuil taithí oibre shuntasach ag teastáil ina leith.
  • Thugamar faoi deara go raibh méadú ar an líon iarrthóirí a dhearbhaigh cúlra eitneach ar leith, ó 8.8% in 2021 go 16.8% in 2024.
  • D’ardaigh an líon freagróirí ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste ó 19.5% go 23.2%.
  • Tháinig méadú ó 5.1% go 7% ar an líon iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riocht sláinte orthu.

D’fhéadfadh na treochtaí sin, mar aon le hathruithe ar stádas teaghlaigh, léiriú páirteach a thabhairt ar chineál na gcomórtas le linn thréimhse an tsuirbhé. In ainneoin theorainneacha an tsuirbhé, agus gur léargais tháscacha iad, tá na léargais sin luachmhar in éagmais córas foirmiúil monatóireachta éagsúlachta agus cuideoidh siad lenár gcuid oibre leanúnaí chun comhionannas agus éagsúlacht a chur chun cinn.

Cuideoidh torthaí an tsuirbhé sin chun iarrachtaí EPSO amach anseo a mhúnlú le héagsúlacht a dhíorma iarrthóirí a mhéadú ar mhaithe le héagsúlacht na mBallstát a léiriú ar bhealach níos fearr.

Gabhann EPSO buíochas leis na freagróirí uile a ghlac páirt sa suirbhé!