FAQs
Cad é an difear idir baill foirne bhuana, baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh?
Seo a leanas na príomhdhifríochtaí idir baill foirne bhuana, baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh:
- cineál agus fad an chonartha,
- an próiseas roghnúcháin,
- agus cineál na ndualgas.
Baill foirne bhuana
Is éard atá san fhoireann bhuan baill foirne de sheirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh a cheaptar ar feadh tréimhse éiginnte. Is iad an príomhlucht saothair iad agus earcaítear iad trí chomórtais oscailte arna n-eagrú ag EPSO. Tá trí chatagóir ann maidir le baill foirne bhuana de chuid an Aontais, mar atá: Riarthóirí (AD), Cúntóirí (AST), agus Rúnaithe/Cléirigh (AST/SC).
Baill foirne shealadacha
Earcaítear baill foirne shealadacha le haghaidh poist ar théarma seasta nó poist shealadacha, go minic chun cúraimí speisialaithe nó feidhmeanna bainistíochta a dhéanamh. An institiúid, an comhlacht nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh atá ag earcú, is iondúil gurb iad féin a eagraíonn na próisis roghnúcháin go díreach.
Baill foirne ar conradh
Earcaítear baill foirne ar conradh faoi chonarthaí ar théarma seasta chun cúraimí riaracháin, teicniúla, oibríochtúla nó tacaíochta a dhéanamh, nó chun acmhainneacht bhreise a sholáthar i réimsí speisialaithe. Earcaítear iad i gceithre ghrúpa feidhme (Grúpa Feidhme I–IV), ag brath ar na freagrachtaí agus ar na cáilíochtaí is gá. Is é EPSO a eagraíonn na próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh.
Bíonn na ceanglais incháilitheachta, na coinníollacha conartha agus na deiseanna gairme éagsúil ag brath ar an gcatagóir foirne agus ar an bpost lena mbaineann.