Treoracha EU Login d’fhoireann inmheánach an Aontais
Príomhphointí le cur san áireamh sula ndéanfaidh tú iarratas
Chun iarratas a dhéanamh ar chomórtas EPSO, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- seoladh ríomhphoist a úsáid chun cuntas EU Login a chruthú
- cuntas EU Login a chruthú chun logáil isteach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí
- próifíl a chruthú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí
Má tá tú ag súil le haon athrú ar do stádas conarthach laistigh de na 18 mí amach romhainn, tá sé an-tábhachtach an seoladh ríomhphoist ceart a úsáid.
D’fhéadfadh an méid seo a leanas, mar shampla, a bheith ar na hathruithe sin:
- dul in éag an chonartha (do bhaill foirne ar conradh nó do bhaill den fhoireann shealadach)
- saoire gan phá (CCP)
- athrú institiúide
- aon athrú eile a dhéanann difear don rochtain ar do sheoladh ríomhphoist AE
An fáth a bhfuil an méid sin tábhachtach
Is iondúil go maireann comórtais EPSO roinnt míonna sula bhfoilsítear na torthaí deiridh. Má thagann athrú ar do stádas conarthach idir an dá linn, agus má éiríonn do sheoladh ríomhphoist AE neamhghníomhach, ní bhfaighidh tú fógraí EPSO a thuilleadh, torthaí an chomórtais san áireamh.
Chun an baol sin a sheachaint, molaimid go láidir duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- seoladh ríomhphoist príobháideach a úsáid (e.g. Gmail, Yahoo, Outlook)
- gan do chuntas EU Login atá nasctha le do sheoladh ríomhphoist AE (dar críoch europa.eu) a úsáid, is é sin an ceann a úsáideann tú chun logáil isteach i gcórais an Aontais (e.g. Sysper)
Más gá, cruthaigh cuntas nua EU Login trí do sheoladh ríomhphoist príobháideach a úsáid, agus bain úsáid as sin chun:
- do phróifíl a chruthú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí
- iarratas a dhéanamh ar chomórtas EPSO
Tuilleadh treoracha
Chun gur fusa a bheidh an próiseas, agus chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas ar fad agat, d’fhorbraíomar treoracha céim ar chéim i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Léigh go cúramach iad, le do thoil.