Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin gcaoi a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

An oibríocht phróiseála: Bainistiú síntiús le suíomh gréasáin EU Careers chun eolas a fháil

Rialaitheoir Sonraí: An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne, Aonad 04 (EPSO.04)

Tagairt taifid: DPR-EC-03928

 

Clár Ábhar

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta?
  3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid na sonraí pearsanta a phróiseáil?
  4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
  5. Cá fhad a choinneoimid na sonraí pearsanta?
  6. Cén chaoi a gcosnaímid na sonraí pearsanta?
  7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
  8. Cad iad na cearta atá agat agus conas a fheidhmítear iad?
  9. Sonraí teagmhála
  10. Tuilleadh eolais

 

  1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin.

Sa ráiteas príobháideachais seo, tá míniú ar an gcúis a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta, ar an gcaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, ar an gcaoi a n-úsáidtear iad, agus ar na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Chomh maith leis sin tá curtha ar fáil sa ráiteas sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Tá an t-eolas faoin oibríocht phróiseála ‘Bainistiú síntiús le suíomh gréasáin EU Careers chun eolas a fháil’ a dhéanann EPSO.04 leagtha amach thíos.

  1. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Déanfaidh EPSO.04 do shonraí pearsanta (seoladh ríomhphoist) a phróiseáil le rogha chlárúcháin ar shuíomh gréasáin EU Careers , chun fógraí a chur chugat gach uair dá bhfógrófar comórtas nua nó nuair a bheidh nuashonrú déanta ar chomórtas atá ar bun.

úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

  1. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid na sonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanfaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil toisc go bhfuil toiliú tugtha agat do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críche sonraí amháin nó níos mó (Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725).

Tá gá le do thoiliú le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála ar leith. I gcomhréir le hAirteagal 3(15) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní mór an toiliú a bheith tugtha go saor agus a bheith sonrach, feasach agus gan débhríocht, agus is féidir é a chur in iúl le ríomhphost, trí foirm ríomhchlárúcháin a chur isteach (mar a dhéantar i gcás na hoibríochta próiseála seo), nó in aon fhoirm scríofa eile.

Maidir leis an oibríocht phróiseála atá i gceist, glacann an Rialaitheoir Sonraí leis go bhfuil an phróiseáil dlíthiúil toisc gurb iad na hábhair sonraí féin atá ag iarraidh clárú leis an tseirbhís fógraí nuachta ríomhphoist.

  1. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn EPSO.04 na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

  • Sonraí teagmhála: seoladh ríomhphoist

Níl sé éigeantach sonraí pearsanta a sholáthar.

  1. Cá fhad a choinneoimid na sonraí pearsanta?

Ní choinneoidh EPSO.04 na sonraí pearsanta ach le linn an ama is gá chun bailiú nó próiseáil bhreise a dhéanamh, is é sin go dtí go ndlíchláróidh tú leis an tseirbhís fógraí. Is féidir sin a dhéanamh tráth ar bith ach cliceáil ar an nasc díchlárúcháin in aon cheann de na ríomhphoist fógra a gheobhaidh tú ó sheirbhís fógraí EU Careers.

  1. Cén chaoi a gcosnaímid na sonraí pearsanta?

Déantar do shonraí pearsanta (seoladh ríomhphoist) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Chun na sonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá an criptiú agus gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go mbeadh rochtain neamhúdaraithe orthu, lena gcuirtear san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, ní thugtar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

  1. Cé aige a mbeidh rochtain ar na sonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do bhaill foirne údaraithe eile de chuid an Choimisiúin de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Tabhair do d’aire, de bhun Airteagal 3(13) de Rialachán (AE) 2018/1725, nach measfar gur faighteoirí iad údaráis phoiblí (e.g. an Chúirt Iniúchóirí, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh) a d’fhéadfadh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Ballstáit. Comhlíonfaidh an phróiseáil bhreise a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil.

  1. Cad iad na cearta atá agat agus conas is féidir iad a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14–25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá ceart na hiniomparthachta sonraí agat.

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta (seoladh ríomhphoist) a chur ar fáil do EPSO.04 le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a chuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i ndáil le hoibríocht phróiseála sonrach amháin nó níos mó, déan cur síos uirthi/orthu (i.e. a tagairtí/dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarraidh.

  1. Sonraí teagmhála
  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má bhíonn tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, EPSO.04, tríd an mbocsa feidhmiúil EPSO-DATA-PROTECTION-COORDINATOR@ec.europa.eu.

  • Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.

  1. Tuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt Taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03928.