FAQs
Cad é a dhéanann Cúntóirí (AST), agus cad is brí leis na gráid éagsúla?
Question categories:
Is iondúil go mbíonn cúntóirí (AST) ag obair i róil tacaíochta riaracháin, teicniúla nó feidhmiúcháin laistigh de na hinstitiúidí den Aontas. D’fhéadfadh réimsí den sórt seo a leanas a bheith i gceist lena gcuid oibre: bainistiú airgeadais agus buiséid, acmhainní daonna, cumarsáid, tacaíocht bheartais, TF, bainistiú doiciméad, taighde, nó obair eolaíoch agus saotharlainne. Tá ról tábhachtach acu ó thaobh fheidhmiú inmheánach na n-institiúidí de.
Ó ghrád AST 1 go grád AST 11, sin iad na gráid ina gcuimsítear na Cúntóirí agus ina léirítear leibhéil éagsúla freagrachta agus taithí:
- AST 1: leibhéal iontrála, ina bhfuil meánoideachas agus taithí oibre ábhartha ar a laghad, nó gairmcháilíocht ábhartha, de dhíth ina leith
- AST 3: is iondúil go mbíonn meánoideachas, gairmcháilíocht ábhartha, agus/nó roinnt blianta de thaithí oibre ábhartha de dhíth ina leith
- Bíonn níos mó freagrachta agus taithí de réir a chéile ag teastáil i leith ghráid AST níos airde