Earcaítear baill foirne ar conradh i ngrúpaí feidhme éagsúla (Grúpa Feidhme I–IV), lena gcinntear an cineál oibre, an leibhéal freagrachta agus na cáilíochtaí íosta is gá.
- Grúpa Feidhme I (FG I): tascanna tacaíochta láimhe agus riaracháin
- Grúpa Feidhme II (FG II): tascanna cléiriúla agus rúnaíochta, bainistiú oifige agus tascanna coibhéiseacha eile
- Grúpa Feidhme III (FG III): tascanna feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
- Grúpa Feidhme IV (FG IV): tascanna riaracháin, comhairleacha, teanga agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile.
An grúpa feidhme a bhféadfá a bheith incháilithe ina leith, braitheann sé ar d’oideachas agus ar do thaithí oibre, mar atá sonraithe sa ghlao ar léiriú spéise.