Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas a roghnaíonn na hinstitiúidí daoine ó phainéil EPSO?

De réir mar a thagann folúntais chun cinn, cíorann na hinstitiúidí próifílí na n-iarrthóirí ar éirigh leo ar an bpainéal chun teacht ar na daoine is mó a oireann dá bhfuil á lorg acu (i leith oideachais, taithí oibre agus scileanna teanga, mar shampla).

Chomh maith leis sin, féadfaidh na hinstitiúidí a thogradh na folúntais atá ar fáil a fhoilsiú d’iarrthóirí ar éirigh leo sna próisis roghnúcháin lena mbaineann trína gcuntas EPSO.

Is faoi institiúidí an Aontais atá sé folúntais a fhoilsiú i do chuntas EPSO. Is iad a chinneann cé na painéil a úsáidfear le haghaidh folúntais áirithe. 

De réir na Rialachán Foirne, tá tosaíocht ag na hoifigigh atá ag obair cheana sna hinstitiúidí ar dhaoine atá ar an bpainéal agus nach bhfuil ag obair sna hinstitiúidí.

Tá an líon foirne atá fostaithe ag institiúidí an Aontais i gcomhréir lena méid agus lena bhfeidhmeanna.

Má tá tuilleadh eolais uait, féach: Conas a dhéanfaidh mé iarratas ar phost nuair a bheidh mé ar an bpainéal?