FAQs
Tá cuntas EU Login agam cheana féin, ach ní féidir liom iarratas a dhéanamh ar chomórtas. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Má tá deacrachtaí agat dul isteach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí nó iarratas a dhéanamh ar chomórtas, féach na cásanna thíos.
1. Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo a leanas: ‘Níor aimsíodh aon Ardán Iontaofa ná Eochair Shlándála’
Is éard a chiallaíonn sé sin nach bhfuil modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir (ardán iontaofa) cumraithe agat fós do do chuntas EU Login.
An méid atá le déanamh:
- Logáil isteach i do chuntas EU Login agus téigh chuig socruithe do chuntais (deilbhín an rotha fhiaclaigh sa chúinne ag barr ar dheis, in aice le d’ainm).
- Cuir ardán iontaofa leis ach na treoracha ‘Conas ardán iontaofa a chur leis’ a leanúint.
- Má bhíonn an fhadhb ann go fóill, déan teagmháil le Deasc chabhrach EU Login.
2. Má bhíonn fadhbanna agat le hAip Mhóibíleach EU Login nó Cód QR EU Login
An méid atá le déanamh:
- Léigh na treoracha ‘Conas gléas móibíleach agus Aip EU Login a chur leis’.
- Má bhíonn an fhadhb ann go fóill, déan teagmháil le Deasc chabhrach EU Login.
- Chun fadhbanna den sórt sin a sheachaint, féadfaidh tú ardán iontaofa a úsáid mar mhodh fíordheimhniúcháin dara fachtóir ina ionad sin.
3. Má thagann ceann de na teachtaireachtaí earráide seo a leanas aníos:
- ‘Tá srianta slándála ag cur cosc ar rochtain ar an leathanach a iarradh - Tairseach Aonair na nIarrthóirí’
- ‘D’éirigh leis an logáil amach. Níor aimsíodh an t-úsáideoir.’
- ‘Theip ar bhailíochtú chód fíordheimhniúcháin OIDC’
De ghnáth, is éard a chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú cuntas nua EU Login a chruthú.
An méid atá le déanamh:
Cruthaigh cuntas nua EU Login trí úsáid a bhaint as seoladh ríomhphoist eile nár úsáideadh riamh le cuntas EU Login roimhe seo. Lean na treoracha ‘Conas cuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí a chruthú’.
4. Má thagann an teachtaireacht ‘Fógra maidir le ceanglas próifíle’ aníos, mar atá le feiceáil san íomhá thíos

Is éard a chiallaíonn sé sin gur cruthaíodh do chuntas trí úsáid a bhaint as rogha tríú páirtí chun logáil isteach, amhail eID (e.g. itsme, SPID, ROeID, DigiD), Facebook, nó Google. Cuntais a chruthaítear trí mhodhanna logáil isteach tríú páirtí, ní féidir iad a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar chomórtais EPSO.
An méid atá le déanamh:
- Cruthaigh cuntas nua ach na treoracha ‘Conas cuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí a chruthú’ a leanúint. Moltar brabhsálaí gréasáin éagsúil a úsáid.
- Chun a iarraidh go scriosfar an cuntas a cruthaíodh trí úsáid a bhaint as modh logáil isteach tríú páirtí (cuntas a bhfuil aitheantas úsáideora dar tús ‘v00’ ag gabháil leis), déan teagmháil le Deasc chabhrach EU Login.