Skip to main content

FAQs

Cad é tréimhse bhailíochta an phainéil?

Question categories:

Is go ceann bliana (trí bliana i gcás comórtais do speisialtóirí) a bhíonn painéal bailí, de ghnáth. Féadfaidh EPSO síneadh ama a chur lena dtréimhse bailíochta, de réir riachtanais earcaíochta na n-institiúidí den Aontas Eorpach. Is iondúil go ndéantar cinntí maidir le síntí ama go gairid roimh dhul in éag don phainéal agus foilsítear iad ar shuíomh gréasáin EU Careers.

Tosaíonn an tréimhse bhailíochta ón uair a chuirtear in iúl do na hiarrthóirí ar éirigh leo gur cuireadh ar an bpainéal iad. 

Foilsítear tús na tréimhse bailíochta ar leathanach na bpainéal. Má bhíonn aon mhoill ann agus an liosta á fhoilsiú ar an leathanach seo, ní bheidh aon tionchar aige sin ar an bpróiseas earcaíochta féin.