Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad iad na doiciméid tacaíochta is gá dom a chur ar fáil le haghaidh m’iarratais CAST?

Ní féidir le hiarrthóirí i bpróisis roghnúcháin le haghaidh baill foirne ar conradh (CAST/P) doiciméid tacaíochta a nascadh lena n-iarrata(i)s CAST/P ina gcuntas EPSO. Cuirfear na doiciméid tacaíochta ar fáil do na seirbhísí earcaíochta ag céim na dtrialacha earcaíochta agus/nó roimh an earcú féin.

Ba cheart d’iarrthóirí a bheith in ann na héilimh a rinneadh ina bhfoirm iarratais (i dtaca lena gcáilíochta, a dtaithí, a n-eolas ar theangacha, etc.) a chruthú le doiciméid tacaíochta. Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta na hiarrthóirí ar an eolas faoi na doiciméid a bheidh le cur ar fáil acu (cóipeanna nó bundoiciméid) agus cén uair a bheidh siad le cur ar fáil acu.

Ní féidir le EPSO eolas a thabhairt faoi na rialacha is infheidhme i seirbhísí earcaíochta éagsúla maidir leis na doiciméid tacaíochta. Ba cheart na nithe seo a leanas a mheas mar léiriú neamhcheangailteach, agus mar sin amháin, ar na ceanglais a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm:

  1. I measc doiciméid eile, beidh ar iarrthóirí cárta aitheantais nó pas bailí a chur ar fáil.
     
  2. Mar chruthúnas ar a gcáilíochtaí oideachais agus a n-oiliúint, beidh ar iarrthóirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

    a) cóip dá ndioplóma(í) agus/nó dá dteasta(i)s (oiliúna) lena bhfianófar cáilíochtaí oideachais;
    b) i gcás dioplómaí/teastais a eisíodh i dtír nach tír den Aontas Eorpach í, ráiteas coibhéise a d’eisigh údarás inniúil Ballstáit den Aontas Eorpach.
     
  3. Ní mór gach tréimhse taithí oibre a bheith cumhdaithe leis na bundoiciméid seo a leanas nó le cóipeanna deimhnithe díobh:

    a) Doiciméid ó fhostóir(í) agus/nó ó iarfhostóir(í): conradh/conarthaí fostaíochta ar a bhfuil dátaí thús agus dheireadh na fostaíochta sonraithe agus/nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh. Ba cheart cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne an t-iarrthóir a bheith sonraithe sna doiciméid sin mar aon le cur síos mionsonraithe ar na dualgais sin, agus ba cheart ceann litreach agus stampa an fhostóra a bheith orthu mar aon le hainm agus síniú an duine i gceannas.

    b) I gcás obair nach bhfuil tuarastal ag dul léi, e.g. féinfhostaíocht nó gairmeacha liobrálacha: sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina mbeidh an obair a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúla eile ina bhfuil cineál agus tréimhse na ndualgas a rinneadh nó na seirbhísí a soláthraíodh sonraithe;

    c) I gcás saoraistritheoirí: doiciméid lena bhfianófar na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé;

    d) I gcás saor-ateangairí: doiciméid lena bhfianófar an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht chucu agus uathu.