
Prionsabail oibriúcháin

Tá trí phrionsabal ann lena dtugtar treoir do ghníomhaíochtaí EPSO amach anseo chun ár bhfís a bhaint amach, is iad sin:
- An beachtas: Déanann EPSO a dhícheall na modhanna roghnúcháin is fearr a ghlacadh trí thástáil a dhéanamh ar na hinniúlachtaí cearta leis na trialacha cearta. Is é an aidhm atá ann díriú ar na hiarrthóirí is oiriúnaí agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht de réir na gcleachtas idirnáisiúnta is fearr.
- An lúfaireacht: Tá próisis EPSO ag éirí níos modúlaí agus níos inoiriúnaithe do riachtanais shonracha na gcliant. Cuid lárnach den chur chuige sin is ea an t-aiseolas uathu agus a n-athbhreithnithe tráthrialta inmheánacha.
- Luas: Tá an fad a mhaireann comórtais EPSO ag éirí níos giorra. Tá an méid sin á bhaint amach againn trí obair na mbord roghnúchán agus na mball foirne a thuar agus a threisiú, comhar a fheabhsú leis na hinstitiúidí ar a bhfuilimid ag freastal agus próisis roghnúcháin a chuíchóiriú, rud a chuireann deireadh leis na gnéithe maorlathacha nach bhfuil gá leo.