Conas a dhéanfar tástáil ar mo chuid eolais ar theangacha don phróifíl ‘aistritheoirí’ sa phróiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh?
Ní dhéanfar measúnú i dtrialacha EPSO ach ar do chuid eolais ar theanga 1 (T1), agus is féidir aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú mar theanga 1. Déanfar sin a thástáil trí na trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí i bhfoirm ceisteanna ilrogha. Ní mór eolas ar leibhéal C1 ar a laghad (úsáideoir cumasach) a bheith agat ar T1.
Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta do chuid eolais ar theanga 2 (T2) a thástáil (ar teanga í atá le roghnú as measc Béarla, Fraincise agus Gearmáinise ach nach ionann í agus T1). Ní mór eolas ar leibhéal B2 ar a laghad (úsáideoir neamhspleách) a bheith agat ar T2.
Tá tuilleadh eolais faoi na trialacha thuas foilsithe ar an leathanach ‘Trialacha EPSO - trialacha samplacha’.
Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta trialacha breise teanga a eagrú.