Cén uair agus cén áit a ndéanfaidh mé na trialacha roghnúcháin a eagróidh EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh?
Question categories:
Is do na hiarrthóirí a réamhroghnóidh na seirbhísí earcaíochta iad (i.e. na hiarrthóirí a gcuirfidh siad ar ghearrliosta iad), agus iad sin amháin, a thabharfar cuireadh na trialacha roghnúcháin a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO.
Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, gheobhaidh tú cuireadh chun triail a dhéanamh i do chuntas EPSO. Is iondúil go bhfoilsítear an cuireadh sin i do chuntas EPSO 2 sheachtain ar a laghad roimh dháta na trialach. Déan do chuntas EPSO a sheiceáil gach trí lá féilire ar a laghad. Ní mór an triail a dhéanamh laistigh den achar ama atá leagtha síos lena aghaidh sin.
Is trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire iad na trialacha sin. Tuilleadh eolais faoi na riachtanais TF agus theicniúla le haghaidh trialacha ar líne.