Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén dóigh a ndéanfar measúnú ar mo cháilíochtaí agus ar mo thaithí?

Ní shainítear sa ghlao ar léiriú spéise (féach Roinn 3) ach na bunriachtanais maidir le cáilíocht agus taithí, rud atá le fáil freisin i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta na riachtanais shonracha a shainiú i gcomhréir lena riachtanais agus lena bhfolúntais. Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta measúnú ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn an eolais a chuirfear ar fáil san fhoirm iarratais agus ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a iarrfaidh siad ar an iarrthóir a chur ar fáil. Féadfar é sin a dhéanamh ag céim na dtrialacha earcaíochta agus/nó roimh an earcú féin.

Ní féidir le EPSO eolas a thabhairt faoi na rialacha is infheidhme i seirbhísí earcaíochta éagsúla agus é ag déanamh measúnú ar cháilíochtaí agus/nó taithí na n-iarrthóirí. Ba cheart an méid seo a leanas a mheas mar léiriú neamhcheangailteach, agus mar sin amháin, ar na ceanglais a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm.

Cáilíochtaí oideachais

Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad.

Taithí oibre

  1.  Chun gur féidir taithí oibre a chur san áireamh, de ghnáth ní mór na coinníollacha ginearálta seo a leanas a chomhlíonadh:

    a) Ní mór an taithí a bheith faighte tar éis don iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach;
    b) Ní mór fíorobair éifeachtach a bheith inti;
    c) Ní mór pá a bheith ag gabháil léi;
    d) Ní mór caidreamh gairmiúil a bheith ag baint léi, i.e. an t-iarrthóir a bheith laistigh de struchtúr eagraíochtúil nó é a bheith ag soláthar seirbhíse;
    e) Ní mór í a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le hábharthacht atá sonraithe san fhógra comórtais.
  2. Féadfar an taithí oibre atá liostaithe thíos a mheas i bhfianaise rialacha sonracha, mar shampla:

    a) I gcás obair dheonach, tuigfear gur ‘pá’ atá in aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Thairis sin, ní mór uaireanta seachtainiúla oibre agus fad ama seachtainiúil oibre ar aon dul le gnáthphost a bheith i gceist i gcás obair dheonach.

    b) I gcás tréimhsí oiliúna, tuigfear gur ‘pá’ atá in aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Féadfar tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár staidéir a chur san áireamh ar choinníoll (i) go dtugtar faoin tréimhse oiliúna tar éis an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach, agus (ii) go bhfuil pá ag dul leis an tréimhse oiliúna.

    c) Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár chun clárú le comhlachas gairmiúil chun an ceart chun gairm a chleachtadh a bhaint amach (mar shampla, cead ballraíochta i gcomhlachas bharra na ndlíodóirí a bhaint amach), nó atá ina réamhchoinníoll le clárú den chineál sin, féadfar í a chur san áireamh cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair. I gcás nach raibh pá ag dul leis an obair, áfach, ní fhéadfar an tréimhse oiliúna a chur san áireamh ach amháin ar choinníoll gur cuireadh an clár i gcrích go rathúil agus go bhfuarthas an ceart chun an ghairm a chleachtadh. I ngach cás, is í an íostréimhse éigeantach amháin a chuirfear san áireamh.

    d) Seirbhís mhíleata éigeantach a rinneadh sula bhfuair an t-iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais nó tar éis dó an cháilíocht sin a fháil, cuirfear san áireamh í fiú mura gcomhlíonann sí na critéir ábharthachta atá sainithe san fhógra comórtais, ach tréimhse nach faide ná an fad éigeantach sa Bhallstát lena mbaineann amháin a bheith i gceist.

    e) Féadfar saoire mháithreachais, atharthachta, uchtaithe nó tuismitheora a chur san áireamh ar choinníoll gur cumhdaíodh le conradh oibre í.

    f) I gcás staidéir dhochtúireachta, ní bheidh fad na tréimhse a chuirfear san áireamh os cionn trí bliana, ar choinníoll gur baineadh an dochtúireacht amach agus cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh.

    g) I gcásanna obair pháirtaimseartha, ríomhfar an tréimhse a chuirfear san áireamh ar bhonn pro rata, e.g. is 3 mhí a áireofar i gcás obair leath-ama le linn 6 mhí.