Is éard atá san EUFTE aiste shaorthéacs faoi chúrsaí an Aontais Eorpaigh darb aidhm measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa an iarrthóra.
Féach freisin: Triail scríofa.
Is éard atá san EUFTE aiste shaorthéacs faoi chúrsaí an Aontais Eorpaigh darb aidhm measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa an iarrthóra.
Féach freisin: Triail scríofa.
Is éard atá sa phróiseas roghnúcháin próiseas struchtúrtha chun baill foirne a earcú do na hinstitiúidí Eorpacha.
Is éard atá i gceist leis sraith céimeanna roghnúcháin chun scileanna, eolas agus taithí na n-iarrthóirí a mheas de réir na riachtanas sonrach a bhaineann le próifíl ar leith. Cinntíonn sé gur ar fhiúntas a bhunaítear an earcaíocht agus go mbíonn comhdheiseanna ann do gach iarratasóir.
Bíonn próisis roghnúcháin i gceist le comórtais le haghaidh oifigigh bhuana agus nósanna imeachta eile amhail CAST.
Bíonn roinnt cúraimí láimhe nó riaracháin á ndéanamh ag baill foirne ar conradh, agus d’fhéadfaidís acmhainneacht bhreise a chur ar fáil i réimsí speisialtóireachta nuair nach mbíonn líon leordhóthanach oifigigh bhuana ar fáil.
Is iondúil go n-earcaítear iad le haghaidh conarthaí ar théarma seasta (6 bliana ar a mhéad in aon institiúid de chuid an Aontais), ach i gcásanna áirithe is féidir conarthaí ar thréimhse éiginnte a thairiscint dóibh (in Oifigí, Gníomhaireachtaí, Toscaireachtaí nó Ionadaíochtaí).
Féach freisin: Ceisteanna coitianta a bhaineann le baill foirne ar conradh agus próiseas roghnúcháin CAST Buan.
Is éard atá in CAST, is é sin an Uirlis um roghnúcháin maidir le gníomhairí ar conradh, próiseas earcaíochta nach bhfuil dáta deiridh ag gabháil leis agus nach bhfuil aon sprioc-amanna ann le hiarratas a dhéanamh. Is é is aidhm dó gníomhairí ar conradh/baill foirne ar conradh a earcú.
Féach freisin: Ceisteanna Coitianta a bhaineann le baill foirne ar conradh.
Tagraíonn an téarma ‘Rialacháin Foirne’ do shraith chuimsitheach rialacha agus prionsabal lena rialaítear coinníollacha fostaíochta, cearta agus oibleagáidí an phearsanra atá ag obair laistigh d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Clúdaíonn siad réimse leathan gnéithe, cuir i gcás earcaíocht, forbairt gairme, dálaí oibre, scálaí tuarastail, slándáil shóisialta agus pinsin. Tá ról lárnach ag EPSO maidir leis na rialacháin foirne sin a chur i bhfeidhm trí phróisis roghnúcháin a eagrú agus a bhainistiú le haghaidh poist éagsúla laistigh d’institiúidí an Aontais, rud a chinntíonn go roghnaítear iarrthóirí ar bhonn fiúntais, inniúlachta agus comhionannas deiseanna. Cuidíonn na rialacháin foirne chun creat aonfhoirmeach trédhearcach a bhunú chun pearsanra an Aontais a fhostú, rud a chuireann éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus cothroime chun cinn ar fud na n-institiúidí éagsúla.
Féach freisin rialacháin foirne an Aontais Eorpaigh.
Déantar oifigigh bhuana de na hinstitiúidí Eorpacha a aicmiú i dtrí ghrúpa: Riarthóirí (AD), Cúntóirí (AST) agus Rúnaithe/Cléirigh (ASC-SC).
Chun bheith i do Riarthóir (AD), ní mór dioplóma coláiste nó ollscoile a bheith agat agus ní mór comórtas EPSO a chur i gcrích go rathúil chun conradh fostaíochta neamhiata a fháil.
Bíonn na riarthóirí – grád AD 5 go AD 16 – ag obair in earnálacha éagsúla amhail an ceartas, an dlí, an t-airgeadas, an trádáil, an comhshaol, acmhainní daonna, an chumarsáid, an t-aistriúchán, agus in earnálacha eile nach iad. Ar na dualgais a bhíonn orthu tá forbairt beartas, anailís, cúraimí rialála, caibidlíocht idirnáisiúnta, plé le geallsealbhóirí, agus athbhreithniú ar théacsanna dlíthiúla an Aontais Eorpaigh.
Teastaíonn taithí ábhartha agus scileanna bainistíochta chun go roghnófar agus go n-earcófar ar ghrád AD níos airde thú.
Féach freisin na Ceisteanna Coitianta maidir le hoifigigh bhuana.
Is éard atá sa triail réasúnaíochta briathartha roinnt téacsanna gearra, ina bhfuil paragraf amháin nó dhá cheann de ghnáth, agus ceist a bhfuil 4-5 rogha freagra ag gabháil léi. Ní mór d’iarrthóirí an freagra is cruinne a roghnú a léiríonn an t-eolas atá curtha ar fáil sa bhuntéacs. Tá an triail sin ar na trí thriail réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí – VNAR) den chéim réamhroghnúcháin.
Féach freisin na Ceisteanna Coitianta gaolmhara.
Is éard atá sa triail réasúnaíochta teibí measúnú cognaíoch lena ndéantar meastóireacht ar chumas duine patrúin, gaolmhaireachtaí loighciúla agus rialacha a aithint laistigh d’eolas amhairc neamhbhriathartha, rud a chuirtear i láthair de ghnáth mar shraith cruthanna, siombailí nó íomhánna.
Déantar measúnú léi ar chumas duine smaoineamh go teibí agus go coincheapúil, rud atá riachtanach le haghaidh réiteach fadhbanna, smaointeoireacht chriticiúil agus cinnteoireachta.
Tá an triail sin ar na trí thriail réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí – VNAR) den chéim réamhroghnúcháin.
Is éard atá sa triail réasúnaíochta uimhriúla measúnú ar smaointeoireacht loighciúil an iarrthóra agus ar a chumas sonraí uimhriúla a thuiscint. Ní mór d’iarratasóirí ceisteanna a fhreagairt ar bhonn eolas staitistiúil a chuirtear ar fáil i dtáblaí dóibh.
Tá an triail sin ar na trí thriail réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí – VNAR) den chéim réamhroghnúcháin.
Féach freisin na Ceisteanna Coitianta gaolmhara.
Is é is aidhm don triail scríofa réimse-shonrach (FRWT) measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa an iarrthóra agus ar a chuid eolais i réimse ábhartha an chomórtais.
Féach na Ceisteanna Coitianta gaolmhara.