Is í foireann síceolaithe saothair inmheánacha EPSO a fhorbraíonn trialacha EPSO agus a dhéanann monatóireacht orthu, in éineacht le baill den bhord roghnúcháin a roghnaíodh go cúramach as measc na n-institiúidí den Aontas. Déanann EPSO monatóireacht sheasmhach ar na nuálaíochtaí is déanaí san forbairt trialacha bunaithe ar thaighde eolaíoch, agus le blianta beaga anuas tá trialacha ar líne tugtha isteach aige ina phróisis roghnúcháin.
FAQs
Cad é an cur chuige atá ag EPSO chun comhdheiseanna a chinntiú?
Déantar grinnanailís ar thrialacha uile EPSO, agus ar an gcaoi a marcáiltear iad, chun a chinntiú go bhfuil siad féaráilte agus nach mbeidh aon ghrúpa iarrthóirí ar leith faoi mhíbhuntáiste dá ndroim. Faoi láthair tá EPSO i mbun oibre chun a chinntiú go gcomhlíonann sé an Caighdeán ISO úrnua maidir le Próisis Mheasúnúcháin, agus tá sé i gcomhréir cheana féin le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta daoine atá faoi mhíchumas.
Príomhghné den chothroime is ea cothromaíocht inscne, agus bíonn EPSO ar a dhícheall ag iarraidh líon cothrom fear agus bean a mhealladh chun páirt a ghlacadh sna comórtais, agus painéal cothrom d’iarratasóirí, idir fhir agus mhná, a roghnú. I gcás próifílí áirithe, ní hionann an líon iarratas a fhaightear ó fhir agus ó mhná. Ar an iomlán, áfach, is ionann an líon iarratas a fhaightear ó fhir agus ó mhná den chuid is mó. Sa chomórtas ginearálaithe AD is déanaí a reáchtáladh, fir a bhí i 50% de na hiarrthóirí ar éirigh leo agus mná a bhí sa 50% eile.
Cén fáth a mbaineann EPSO úsáid as trialacha réasúnaíochta ilrogha ar ríomhaire?
Is é príomhchuspóir thrialacha réasúnaíochta EPSO measúnú a dhéanamh ar phríomhinniúlachtaí réasúnaíochta na ndaoine ar mian leo a bheith ina n-oifigeach de chuid an Aontais, seachas an líon iarrthóirí a laghdú. Is ar staidéir eolaíochta sheanbhunaithe atá na trialacha sin bunaithe agus is iad is fearr chun feidhmíocht poist amach anseo a thuar (i gcomparáid le trialacha eolasbhunaithe amháin). Cé nach dtugtar na ceisteanna céanna d’iarrthóirí sa chomórtas céanna, is ionann leibhéal deacrachta na dtrialacha a dhéanann gach iarrthóir, rud a chinntíonn go gcaitear go comhionann le gach duine. Tá bailíocht agus iontaofacht na dtrialacha ilrogha ar ríomhaire dearbhaithe le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus dhearbhaigh an Chúirt freisin go gcomhlíonann na trialacha sin prionsabal na córa comhionainne. Ag an am céanna, le trialacha ar ríomhaire is féidir le EPSO líon mór iarrthóirí a thástáil laistigh de thréimhse ama an-ghearr ar bhealach éifeachtúil so-úsáidte.
Cé na hinniúlachtaí a chaithfidh iarrthóirí a léiriú le linn thrialacha an chomórtais?
Sainítear sa chreat inniúlachta na hinniúlachtaí a mheasann na hinstitiúidí agus na comhlachtaí den Aontas Eorpach ar a bhfreastalaíonn EPSO a bheith riachtanach chun feidhmiú go héifeachtach in aon phost ar leith. Is é EPSO a dhéanann measúnú ar chuid de na hinniúlachtaí sin le linn chéim an roghnúcháin, agus is iad na hinstitiúidí agus na comhlachtaí den Aontas Eorpach a dhéanann measúnú ar an gcuid eile le linn chéim na hearcaíochta. I gcás na bpróifílí speisialaithe, tabhair do d’aire go mbíonn na hinstitiúidí den Aontas Eorpach ag lorg iarrthóirí ardcháilithe ina réimse saineolais féin. Is féidir teacht ar eolas san fhógra comórtais i gcónaí maidir leis na hinniúlachtaí réimse-shonracha agus faoi na trialacha lena ndéantar na hinniúlachtaí ginearálta agus na hinniúlachtaí réimse-shonracha a mheas. Is é an fógra comórtais an t-aon doiciméad oifigiúil ina bhfuil eolas mionsonraithe faoi na trialacha beachta a úsáideann EPSO i gcomórtas ar leith. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear gach fógra.
Féach na hinniúlachtaí ginearálta agus na hancairí a ghabhann leo (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).
Cá fhad a choinneofar mo chuid sonraí pearsanta?
Ag brath ar cén t-iarratas/cé na hiarratais atá i do chuntas iarrthóra, coinneoimid do chuid sonraí go ceann 12 mhí ar a laghad tar éis duit do chuntas iarrthóra a chruthú. Tá eolas mionsonraithe faoi bhailíocht na sonraí pearsanta le fáil i ráiteas príobháideachais sonrach EPSO maidir le cosaint sonraí pearsanta, ráiteas lena gcomhaontaíonn daoine a bhfuil cuntas iarrthóra acu nuair a chruthaíonn siad an cuntas sin.
Cén chaoi ar féidir liom cead a thabhairt d’údaráis mo Bhallstáit cúnamh a thairiscint dom le hullmhú don phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta?
Na hiarrthóirí i gcomórtais EPSO, is féidir leo a roghnú a gcuid sonraí teagmhála a nochtadh d’údaráis náisiúnta a mBallstáit, le go mbeidh na húdaráis sin in ann dul i dteagmháil leo chun tacaíocht agus cabhair a thairiscint dóibh le haghaidh an phróisis roghnúcháin agus earcaíochta (amhail oiliúint, seisiúin eolais, foilseacháin, etc.).
Déanann na hiarrthóirí an rogha sin nuair a chuireann siad isteach ar chomórtas, trína n-aontú nó a n-easaontú a chur in iúl, sa rannán ábhartha den fhoirm iarratais leictreonach. Níl an t-aontú ná an t-easaontú sin bailí ach i dtaca leis an gcomórtas ar tugadh ina leith é agus, dá bhrí sin, ní mór é a chur in iúl gach uair a chuirtear iarratas nua isteach.
Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta do EPSO do chéadainm agus do shloinne, do sheoladh ríomhphoist agus an tagairt don chomórtas a bhfuil tú ag cur isteach air a aistriú go húdaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú. Is é cuspóir an aistrithe sonraí sin go mbeidh na húdaráis náisiúnta sin in ann dul i dteagmháil leat d’fhonn cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air.
Is le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 9 de, a rialaítear aistriú do chuid sonraí pearsanta chuig údaráis náisiúnta do Bhallstá(i)t.
Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta freisin d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú do chuid sonraí pearsanta thuasluaite a phróiseáil, d’fhonn cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air. Tá an t-údarú ag d’údaráis náisiúnta do chuid sonraí a phróiseáil fad agus a bheidh tú páirteach sa chomórtas atá i gceist, sin nó go dtí go ndúnfar painéal an chomórtais má tá d’ainm féin luaite air, sin nó go dtí go dtarraingeoidh tú siar do thoiliú do shonraí a phróiseáil.
Is le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), a rialaítear údaráis náisiúnta do Bhallstá(i)t do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil.
Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith trí iarratas i scríbhinn chuige sin a chur chuig do Bhallstát. Mar sin féin, tabhair an méid seo a leanas do d’aire: má chinneann tú do thoiliú a tharraingt siar tar éis do EPSO do chuid sonraí a aistriú chuig do Bhallstát, ní dhéanfaidh sin ach cosc a chur ar d’údaráis náisiúnta tuilleadh próiseála a dhéanamh ar do chuid sonraí, ach ní dhéanfaidh sé difear do dhlíthiúlacht próiseála sonraí a rinneadh roimhe sin bunaithe ar do thoiliú a fháil sular tarraingíodh siar é.
Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ort glacadh le haon tairiscint chúnta a d’fhéadfadh na húdaráis sin a chur faoi do bhráid.
Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ar na húdaráis sin dul i dteagmháil leat, ná cúnamh a thairiscint duit; is faoin mBallstát ar saoránach de thú, agus faoisean amháin, atá sé an méid sin a dhéanamh.
Έχω υποβάλει αίτημα επανεξέτασης αλλά δεν έχω λάβει απάντηση. Πρέπει να στείλω κάποια υπενθύμιση;
Má fuair tú admháil le cur in iúl go bhfuarthas do ghearán, níor cheart duit meabhrúchán a sheoladh mura bhfuil am suntasach caite ó chuir tú an gearán isteach.
Is féidir go mbeidh roinnt seachtainí i gceist chun na freagraí ar iarrataí ar athbhreithniú a ullmhú. Ní mór don bhord roghnúcháin teacht le chéile chun cinneadh a dhéanamh faoi, agus is ina dhiaidh sin amháin a dhéantar freagraí a ullmhú agus a sheoladh.
Τι θα συμβεί αν γίνω εκ νέου δεκτός/δεκτή στον διαγωνισμό μετά από επανεξέταση αλλά οι δοκιμασίες έχουν ήδη προχωρήσει στο επόμενο στάδιο;
Dá ligfeadh an bord roghnúcháin isteach sa chomórtas arís thú tar éis athbhreithniú a dhéanamh, chuirfí isteach arís thú ag an gcéim chéanna ónar cuireadh amach thú, is cuma cén chéim atá bainte amach sa chomórtas faoin tráth sin.
Ar cheart dom na cáilíochtaí/dioplómaí uile atá agam a lua san fhoirm iarratais?
Yes, it is mandatory to mention all diplomas/qualifications required in order to apply for a selection procedure.
The minimum requirements are listed in the Notice of Competition (available on the competition page).
Please indicate only diplomas/qualifications that have been awarded by the application deadline.
For the Graduates administrators (AD5) competition, the minimum requirements (only Bachelor) must be awarded by 30/09/2026.
The order is not important, the Selection Board will be able to sort the declared entries chronologically.
Providing incomplete or false information may lead to exclusion from the selection procedure.
Is saoránach den Ríocht Aontaithe mé. An féidir liom iarratas a dhéanamh i gcónaí?
Ní mór do gach iarrthóir i bpróiseas roghnúcháin EPSO a bheith ina shaoránach de Bhallstát amháin den Aontas Eorpach ar a laghad.
Más saoránach den Ríocht Aontaithe thú agus má tá an dara saoránacht agat le Ballstát den Aontas, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh fós.
Más í saoránacht na Ríochta Aontaithe an t-aon saoránacht atá agat, ní bheidh tú in ann d’iarratas a bhailíochtú tar éis Brexit.
Má thugtar saoránacht de Bhallstát den Aontas duit amach anseo, is féidir leat an tsaoránacht nua sin a chur le do shonraí pearsanta i do chuntas EPSO agus beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar na próisis roghnúcháin againn arís.
Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoina bhfuil i gceist le bheith i do shaoránach den Aontas Eorpach: Saoránacht den Aontas Eorpach: Cearta agus deiseanna (europa.eu)