Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS – DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

An oibríocht phróiseála: Gearáin a láimhseáil faoi Airteagal 90(2) agus iarrataí faoi Airteagal 90(1) de na Rialacháin Foirne

Rialaitheoir Sonraí: EPSO

Tagairt taifid: DPR-EC-01152.1

 

  1. Réamhrá

Sa ráiteas príobháideachais seo, tá míniú an fáthanna a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn, an chaoi a ndéanaimid iad a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta is féidir leat a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta (an ceart iad a rochtain, a cheartú, a scriosadh, etc.).

Tá na hinstitiúidí Eorpacha tiomanta an príobháideachas a chosaint agus a urramú. Ós rud é go mbailíonn an tseirbhís sin sonraí pearsanta agus go ndéanann sí iad a phróiseáil a thuilleadh, is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE [1].

Baineann an ráiteas seo le gearáin a láimhseáil faoi Airteagal 90(2) agus iarrataí faoi Airteagal 90(1) de na Rialacháin Foirne. Deirtear an méid seo a leanas sna hairteagail sin:

  • aon duine a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne sin maidir leis, féadfaidh sé iarraidh a chur isteach chuig an údarás ceapacháin/AECE go ndéanfaidh sé cinneadh faoi, i gcomhréir le hAirteagal 90(1);
  • aon duine a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne sin maidir leis, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás ceapacháin/AECE i gcoinne beart a bhfuil dochar á dhéanamh aige dó, i gcomhréir le hAirteagal 90(2).

Na sonraí pearsanta le haghaidh na gcásanna thuasluaite, is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a dhéanann iad a phróiseáil.

 

  1. Cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí?

Cuspóir na próiseála: Bailíonn EPSO do shonraí pearsanta agus úsáideann sé iad chun an iarraidh a chuir tú isteach nó an gearán a rinne tú a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus Airteagal (2) de na Rialacháin Foirne. Ní dhéanfar do shonraí pearsanta a phróiseáil a thuilleadh ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin.

Dlíthiúlacht na próiseála: Airteagal 5(a) de Rialachán (AE) 2018/1725 (is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais) agus (b) (oibleagáid an údaráis ceapacháin/AECE freagra a thabhairt ar iarrataí/ar ghearáin ar bhonn Airteagal 90, 24 agus 22c de na Rialacháin Foirne).

An bunús dlí atá leis an bpróiseáil:

  • Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach (IO P 45, 14.6.1962, lch. 1385)
  • Cinneadh Uimh. 2002/620/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún Eorpach, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ón Ombudsman Eorpach an Déardaoin 25 Iúil 2002 lena mbunaítear Oifig um Roghnú Foirne na gComhphobal Eorpach.
  • Cinneadh Uimh. 2002/621/CE ó Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin Eorpaigh, ó Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, ó Ard-Rúnaithe na Cúirte Iniúchóirí, an Choiste Eacnamaíche agus Sóisialta agus Choiste na Réigiún agus ó Ionadaí an Ombudsman Eorpaigh an 25 Iúil 2002 maidir le heagrú agus le feidhmiú Oifig um Roghnú Foirne na gComhphobal Eorpach.

 

  1. Cé na sonraí a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Seo iad na sonraí pearsanta a bhailítear agus a ndéantar tuilleadh próiseála orthu:

  • Sonraí a chuir an gearánaí/an t-iarrthóir ar fáil;
  • Sonraí a chuir an roinn/na ranna lena mbaineann ar fáil (ciallaíonn roinn aon roinn a bhfuil eolas aici atá ábhartha d'anailís an ghearáin/na hiarrata);
  • Sonraí a stóráiltear ar bhunachair sonraí EPSO.

I gcásanna áirithe, agus ag brath ar ábhar na hiarrata/an ghearáin, d'fhéadfaí sonraí leighis a phróiseáil.

 

  1. Cá fhad a choinneofar do chuid sonraí?

Coinnítear sonraí ar pháipéar ar feadh 15 bliana. A luaithe atá an tréimhse sin istigh, aistrítear chuig na cartlanna stairiúla iad, áit a gcoinnítear go sábháilte buan iad.

Coinnítear sonraí i bhfoirm leictreonach ar feadh 15 bliana.

Tá gá leis na tréimhsí coinneála sin chun go bhféadfar comparáid a dhéanamh le cásanna a láimhseáil EPSO cheana, rud a chinntíonn go gcuirtear na Rialacháin Foirne chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach.

 

  1. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí?

Déantar na sonraí uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh, ar sonraí iad ar cheart iad a úsáid i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar shonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na próiseála seo.

 

  1. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do chuid sonraí do bhaill foirne údaraithe i gcomhréir leis an bprionsabail ‘eolas ar bhonn riachtanais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

D'fhéadfadh na daoine seo a leanas do shonraí a fháil:

  • Baill foirne earnáil dlí EPSO, baill foirne an ordlathais a bhfuil baint acu le cinntí a shíniú: rochtain ar na comhaid ina n-iomláine.
  • Boird agus painéil roghnúcháin, baill foirne EPSO nach baill foirne na hearnála dlí ná an ordlathais iad: a mhéid agus is gá chun na míniúcháin agus an t-eolas is gá a sholáthar chun iarrataí agus gearáin a láimhseáil.
  • Seirbhís Dlí an Choimisiúin: ní mór dul i gcomhairle leo go córasach maidir le dréachtchinntí a dhéantar mar fhreagairt ar ghearáin; rochtain ar na comhaid ina n-iomláine.
  • Cúirteanna an Aontais: i gcásanna leigheasanna breithiúnacha; rochtain ar na comhaid ina n-iomláine.
  • OLAF, IDOC, IAS, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa: arna iarraidh sin agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe oifigiúla nó chun críocha iniúchóireachta.
  • An tOmbudsman Eorpach: arna iarraidh sin agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh imscrúduithe.

 

  1. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

I gcomhréir le hAirteagal 17 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1725, tá an ceart agat do shonraí a rochtain, iad a cheartú nó iad a scriosadh chomh maith leis an gceart maidir le hiniomparthacht sonraí agus an ceart srian a chur lena bpróiseáil. Féadfaidh tú do chearta a fheidhmiú ach ríomhphost a sheoladh chuig EPSO leis an bhfoirm theagmhála ar líne Foirm gréasáin EPSO, nó i gcás díospóide, chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí agus, más gá, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Chun na críche sin, bain úsáid as na sonraí teagmhála a atá le fáil faoi phointe 8 thíos.

 

  1. Sonraí teagmhála

Má tá tuairimí nó ceisteanna, ábhair imní nó gearán agat maidir le bailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, téigh i dteagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí leis foirm teagmhála ar líne EPSO Foirm gréasáin EPSO.

Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil leis na daoine seo a leanas:

 

  1. Tuilleadh eolais

Is é Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin a fhoilsíonn an clár de na cásanna uile a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/service-standards-and-principles/transparency/data-processing-register_ga

Cuireadh an phróiseáil shonrach sin i gclár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-01152.1.

 


[1] Rialachán (AE) 2018/1725 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39-98).