Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Dlí

Pléann dlíodóirí leis na gnéithe dlíthiúla ar fad a bhaineann le gníomhaíochtaí institiúidí an Aontais Eorpaigh. Bíonn siad páirteach i bpróiseas reachtóireachta an Aontais agus oibríonn siad in earnálacha amhail iomaíocht margaidh, coireacht, cosaint sonraí, comhar trasteorann, seirbhísí baincéireachta, cosc calaoise, comhaontuithe idirnáisiúnta, dlí tomhaltóirí, gan ach roinnt acu a lua.

Dlítheangeolaí

Cur síos ar an bpost

Cinntíonn dlítheangeolaithe an Aontais Eorpaigh go ndéantar an reachtaíocht nua uile a aistriú i gceart go teangacha eile an Aontais agus cinntíonn siad go léiríonn sí go dílis an téacs inar ceapadh ar dtús í.

Chun an post seo a dhéanamh teastaíonn dlíodóirí cumasacha a bhfuil inniúlachtaí teanga an-ard acu. Ar na cúraimí atá orthu tá nósanna imeachta reachtacha a leanúint le linn an phróisis agus feidhmiú mar chomhairleoirí; treoir a chur ar fáil maidir le dréachtú reachtaíochta; seiceáil agus athcheartú a dhéanamh ar théacsanna dlí, agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcomhlíontacht maidir leis na rialacha foirmiúla, i measc cúraimí eile. 

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit eolas críochnúil a bheith agat ar cheann amháin de theangacha an Aontais Eorpaigh, sáreolas ar dhá cheann eile ar a laghad, maille le céim sa dlí. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Ina theannta sin, is féidir deiseanna sealadacha conartha a lorg ar shuíomh gréasáin na Cúirte Breithiúnais.

Dlíodóir

Cur síos ar an bpost

Cuireann dlíodóirí an Aontais comhairle dlí ar fáil, cinntíonn siad dlíthiúlacht agus cáilíocht dréachtaithe na ngníomhartha dlí, déanann siad taighde fairsing dlí agus anailís agus feidhmíonn siad mar ghníomhairí de chuid na n-institiúidí in imeachtaí breithiúnacha. 
Ar na dualgais atá orthu tá doiciméid bheartais dlí a dhréachtú; comhairle dlí a chur ar fáil don bhainistíocht shinsearach; Páirt a ghlacadh i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha maidir le glacadh ghníomhartha dlí an Aontais; comhordú a dhéanamh le húdaráis náisiúnta an Aontais chun reachtaíocht náisiúnta a fheabhsú; ionadaíocht a dhéanamh thar ceann institiúidí an AE in imeachtaí dlíthiúla; taighde agus anailís dhomhain a dhéanamh; páirt a ghlacadh i gcruinnithe dlí ar leibhéal idirnáisiúnta, i measc nithe eile.
 
Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, maille le céim sa dlí más mian leat teacht isteach ag grád AD 5 (an leibhéal tosaigh d’oifigigh ar leibhéal riarthóra) agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht isteach ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7). D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.