Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cumarsáid ó bhord bainistíochta EPSO

Mar thoradh ar na forbairtí is déanaí maidir le hoibríocht EPSO, cuireadh teachtaireachtaí agus nótaí tráchta éagsúla ar fáil don phobal le déanaí. Luaitear seasamh an bhoird bainistíochta anseo thíos mar shoiléiriú:

  • Tá na hinstitiúidí tiomanta i gcónaí do shamhail ina roghnaítear oifigigh an Aontais Eorpaigh de réir próisis roghnúcháin iomaíocha a dhéantar ar bhealach trédhearcach go hiomlán agus i gcomhréir le forálacha na Rialachán Foirne.
  • Is ar chúiseanna teicniúla amháin a chuireann EPSO comórtais oscailte ar fionraí. Iarradh ar EPSO a oibríochtaí a atosú a luaithe is féidir, agus é ag tógáil córas seachadta athléimneach lena gcinnteofar go mbeidh ardchaighdeán ann agus lena gcuirfear feabhas ar thaithí an úsáideora ag an am céanna.
  • Tá na hinstitiúidí tiomanta don ilteangachas ina gcuid oibre ó lá go lá agus sna próisis roghnúcháin, i gcomhréir le forálacha na Rialachán Foirne agus le cásdlí dhlínsí an Aontais. Iarradh ar EPSO a oibríochtaí a reáchtáil i gcomhréir iomlán leis na prionsabail sin.
  • Tá measúnú á dhéanamh ag EPSO anois ar roghanna éagsúla téarnaimh. Tá an bord ag súil go bhfaighidh sé eolas mionsonraithe faoi lár mhí na Nollag 2023 chun go bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach chun cinn.
  • Ar bhonn mheasúnú reatha EPSO, ní dócha go gcuirfear tús arís leis na hoibríochtaí roimh dheireadh na bliana. Tuigeann an bord an tábhacht a bhaineann le féilire iontaofa comórtas a chur ar fáil, agus cuirfidh sé amach níos mó fógraí a luaithe is féidir.
  • Chomh maith leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag EPSO chun a oibríochtaí a atosú, leanfaidh roinnt institiúidí de chuid an Aontais dá gcomórtais féin a chur i gcrích go trédhearcach go hiomlán agus i gcomhréir le forálacha na Rialachán Foirne.
Dáta nuashonraithe
02/04/2024 - 12:18