Skip to main content

Céimithe (Riarthóirí – AD 5)

Iarrthóirí a ghlacfaidh páirt i gcomórtas do chéimithe (riarthóirí, grád AD 5), beidh orthu pas a fháil sna trialacha seo a leanas:

  • Trialacha réasúnaíochta
  • Triail maidir le heolas ar an Aontas Eorpach
  • Triail scileanna digiteacha
  • Triail scríofa – Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (EUFTE)

Is féidir féachaint ar an scéim shimplí shoiléir a ndéanfar measúnú ort dá réir agus ar an seimineár gréasáin is déanaí atá ar fáil ar youtube chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bpróiseas.

 

Trialacha réasúnaíochta

Is éard atá sna trialacha réasúnaíochta ceistneoirí ilrogha atá ceaptha meastóireacht a dhéanamh ar do scileanna smaointeoireachta loighciúla agus ar do chumas eolas briathartha agus uimhriúil a thuiscint, chomh maith leis an ngaol idir coincheapa teibí nach de chineál teanga, spásúil ná uimhriúil iad.

Anseo tá trialacha samplacha ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh chun gur féidir leat eolas a chur ar ardán tástála OAT:

BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Is féidir leagan inrochtana de na trialacha samplacha sin a fháil freisin.

Triail eolais faoin Aontas Eorpach

Is éard atá sa triail eolais faoin Aontas Eorpach ceistneoir ilrogha faoin Aontas Eorpach, a institiúidí, a nósanna imeachta agus a phríomhbheartais. Cuirfear na tagairtí do na foinsí a úsáidtear chun an triail seo a fhorbairt ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO tar éis an fógra comórtais a fhoilsiú.

Idir an dá linn, is féidir leat teacht ar roinnt foilseachán anseo chun cuidiú leat ullmhú don triail eolais faoin Aontas Eorpach.

Is féidir triail a bhaint as trialacha samplacha anseo.

Triail scileanna digiteacha

Tá an triail scileanna digiteacha deartha chun measúnú a dhéanamh ar litearthacht dhigiteach agus ar eolas praiticiúil na n-iarrthóirí, de réir mar is ábhartha don ról.

D’fhéadfadh na 5 réimse seo a leanas a bheith san áireamh sa triail seo:

  1. Litearthacht faisnéise agus sonraí
  2. Cumarsáid agus comhar
  3. Cruthú ábhair dhigitigh
  4. Sábháilteacht
  5. Réiteach fadhbanna

Is féidir triail a bhaint as trialacha samplacha anseo.

Triail scríofa – Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (EUFTE)

Tá EUFTE dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar do scileanna cumarsáide scríofa.

Ní mór d’iarrthóirí an tasc/na tascanna a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na hábhair a chuireann EPSO ar fáil, mar atá sonraithe san fhógra comórtais.

Ní triail teanga ná triail ar eolas fíorasach é EUFTE. Déanfar measúnú ar iarrthóirí bunaithe ar na ‘hancairí’ sonracha atá liostaithe thíos. (Tagraíonn ‘ancairí’ do na gnéithe a bhreithnítear agus meastóireacht á déanamh ar inniúlacht ar leith.)

  • Déanann an t-iarrthóir an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.
  • Scríobhann an t-iarrthóir go hachomair agus seachnaíonn sé focail agus abairtí nach bhfuil gá leo.
  • Cuireann an t-iarrthóir ábhar i láthair ar bhealach soiléir intuigthe.
  • Déanann an t-iarrthóir a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
  • Úsáideann an t-iarrthóir an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc go héifeachtach.

Anseo is féidir leat triail shamplach a fháil chun eolas a chur ar ardán na dtrialacha.

Tabhair do d’aire nach gcuirfear tús leis an triail go dtí go mbeidh an comhaireamh síos ar an amadóir ag barr na fuinneoige críochnaithe.