Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Foireann tacaíochta

Rannchuidíonn an fhoireann tacaíochta leis an Aontas Eorpach trí oibríochtaí éagsúla san ionad oibre a dhéanamh.

Ar an bpearsanra tacaíochta, mar shampla, tá rúnaithe agus cúntóirí riaracháin, cúntóirí acmhainní daonna, tiománaithe, oifigigh slándála agus uiséirí.

Rúnaí/cúntóir riaracháin

Cur síos ar an bpost

Déanann rúnaithe agus cúntóirí riaracháin cúraimí éagsúla lena n-áirítear tacaíocht uathrialach a thabhairt do dhuine amháin nó do roinnt daoine laistigh d’aonad nó de roinn; comhaid a ullmhú; gníomhaíochtaí na roinne a eagrú agus a chomhordú; doiciméid a ullmhú, a phróiseáil, a bhailchríochnú agus a sheiceáil; faisnéis a aimsiú, a thiomsú agus a scaipeadh, gan ach beagán a lua. 

Déanann cúntóirí atá ag obair i réimse na n-acmhainní daonna dualgais a bhaineann le bainistiú beartas pearsanra i réimsí amhail earcaíocht, gairmréimeanna, oiliúint agus comhionannas deiseanna.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat maille le hoideachas meánscoileoiliúint ghairmiúil, agus cúpla bliain ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin. Chun iarratas a dhéanamh ar na poist is sinsearaí, beidh roinnt blianta de thaithí oibre ag teastáil freisin. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Tiománaí

Cur síos ar an bpost

Ar na cúraimí atá orthu tá foireann an Aontais, oifigigh na mBallstát, cór taidhleoireachta agus daoine mór le rá eile a thiomáint ar fud na Bruiséile, Lucsamburg, Strasbourg agus áiteanna eile ina mbíonn gníomhaíochtaí agus cruinnithe an Aontais ar siúl.

D’fhéadfadh sé freisin go gcuirfí de chúram ar thiománaithe post íogair/rúnda a iompar, sábháilteacht daoine agus earraí a chinntiú le linn iompair, chomh maith le cothabháil agus úsáid chuí feithiclí an Aontais a ráthú.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Bheadh na híoscheanglais maidir le teangacha agus taithí oibre san áireamh i ndoiciméid oifigiúla an chomórtais, i gcás ina bhfoilsítear próiseas roghnúcháin ábhartha. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Féadfaidh sé go ndéanfar tiománaithe a earcú mar ghníomhairí ar conradh freisin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Oifigeach Slándála agus Cosanta

Cur síos ar an bpost

Ráthaíonn oifigigh slándála agus chosanta san Aontas Eorpach sábháilteacht na foirne, na gcuairteoirí, na maoine, na bhfoirgneamh agus na faisnéise íogaire agus rúnaicmithe.

Ar na dualgais a bhíonn orthu tá patról agus monatóireacht a dhéanamh ar áitreabh agus ar an bpearsanra; bagairtí slándála a chosc; iompar agus teagmhais amhrasacha a thuairisciú; an rochtain atá ag daoine agus ag earraí ar oifigí an Aontais a scagadh agus a rialú; patróil slándála a dhéanamh laistigh d’fhoirgnimh an Aontais; idirghabháil a dhéanamh i gcás dóiteáin, éigeandála agus/nó aláraim; garchabhair a chur ar fáil i gcásanna éigeandála; seiceálacha slándála a dhéanamh ar earraí agus seachadtaí isteach, i measc cúraimí eile. 

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Bheadh na híoscheanglais maidir le teangacha agus taithí oibre san áireamh i ndoiciméid oifigiúla an chomórtais, i gcás ina bhfoilsítear próiseas roghnúcháin ábhartha. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Uiséir

Cur síos ar an bpost

Cuidíonn uiséirí Pharlaimint na hEorpa go ginearálta le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le daoine mór le rá eile le linn sheisiúin iomlánacha na hinstitiúide, ag cruinnithe na gcomhlachtaí parlaiminteacha agus le linn imeachtaí parlaiminteacha eile.

Déanann siad deimhin de go n-urramaítear na rialacha agus na prionsabail slándála.

Ar na dualgais a bhíonn ar uiséirí tá seomraí cruinnithe a ullmhú agus monatóireacht a dhéanamh orthu; feisirí, daoine mór le rá nó cuairteoirí eile a thionlacan agus suíochán a shannadh dóibh; tascanna searmanais a dhéanamh i gcomhar leis an tseirbhís prótacail.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Bheadh na híoscheanglais maidir le teangacha agus taithí oibre san áireamh i ndoiciméid oifigiúla an chomórtais, i gcás ina bhfoilsítear próiseas roghnúcháin ábhartha. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Oibreoirí comhdhála

Cur síos ar an bpost

Is iad na hoibreoirí comhdhála a bhíonn freagrach as trealamh teicniúil fuaime agus físe a láimhseáil i suiteálacha ilmheán/closamhairc nó comhdhála. 

Chomh maith leis sin, cuireann siad tacaíocht theicniúil den chéad leibhéal ar fáil le haghaidh trealamh closamhairc agus TF.