Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Caidreamh seachtrach

Cuireann speisialtóirí sa chaidreamh seachtrach le cur chun cinn agus caomhnú leasanna agus luachanna an Aontais i gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idir-rialtasacha.

Cothaíonn siad spriocanna beartais eachtraigh an Aontais chun go mbainfear amach iad, déanann siad an comhar idirnáisiúnta a chomhordú agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, agus tacaíonn siad le hurraim chearta an duine. 

Oifigeach um chaidreamh seachtrach

Cur síos ar an bpost

Comhoibríonn oifigigh um chaidreamh seachtrach le seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát agus le hinstitiúidí éagsúla an Aontais chun cabhrú le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chomhchuibhiú.

Ar na cúraimí atá orthu tá páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht agus i gcur chun feidhme comhaontuithe iltaobhacha; ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas Eorpach thar lear; oibriú i ndlúthchomhar le toscaireachtaí agus le hambasáidí an Aontais; tuarascálacha polaitiúla agus nótaí faisnéise a dhréachtú do lucht déanta cinntí, i measc go leor eile.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, céim i ndisciplín gaolmhar más mian leat teacht isteach ar ghrád AD 5 (an leibhéal iontrála d’oifigigh ar leibhéal riarthóra) agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht isteach ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7). D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin, ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Féadfaidh tú folúntais bhreise agus deiseanna oiliúna a fháil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).