Speisialtóirí eolaíochta
Cur síos ar an bpost
Leis an saineolas ar leith atá acu, cuireann eolaithe, taighdeoirí agus speisialtóirí eile rannchuidiú luachmhar ar fáil d’institiúidí agus do lucht ceaptha beartas maidir le dul i ngleic le dúshláin eolaíocha.
Is minic a chuirtear de chúram ar shaineolaithe beartais agus dlíthe nua a fhorbairt; reachtaíocht agus cláir atá ann cheana a chur chun feidhme agus a bhainistiú; taighde agus anailís a dhéanamh; peirspictíochtaí beartais a sholáthar; seiceálacha a dhéanamh; páirt a ghlacadh i gcruinnithe agus i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta, i measc go leor eile.
Na cáilíochtaí atá de dhíth
Na cáilíochtaí atá de dhíth le cur isteach ar na poist sin, bíonn siad ag brath ar chineál an phoist atá i gceist. Go ginearálta, ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, maille le céim i ndisciplín gaolmhar agus roinnt blianta de thaithí oibre ábhartha. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.
Chomh maith leis sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.
Ina theannta sin, is féidir deiseanna sealadacha conartha a lorg ar shuíomh gréasáin an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.