Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Eacnamaíocht, Airgeadas agus Staidreamh

Tá ról lárnach ag eacnamaithe, bainisteoirí airgeadais agus staitisteoirí maidir le comhairle a chur ar lucht déanta cinntí i ndáil leis an dóigh chun feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála san Aontas Eorpach. 

Leis an saineolas atá acu cuidíonn siad le cruthú post agus rathúnas eacnamaíoch a chur chun cinn. Cothaíonn siad fás ar fud an Aontais trí mheasúnú a dhéanamh ar threochtaí eacnamaíocha, trí réitigh ar ghéarchéimeanna a mholadh agus trí thacú le gnólachtaí, i measc go leor cúraimí eile.

Staitisteoir

Cur síos ar an bpost

Bíonn ról ríthábhachtach ag staitisteoirí an Aontais Eorpaigh i gcinnteoireacht agus i gceapadh beartais ar leibhéal an Aontais. Díríonn a gcuid oibre ar shonraí a bhailiú, a mheas agus a léirmhíniú, sonraí a chuideoidh chun cinntí an Aontais a mhúnlú maidir leis an ngeilleagair, airgeadas, an tsochaí, talmhaíocht, an comhshaol agus go leor réimsí eile. 

Ar na dualgais atá orthu tá cláir staitistiúla a cheapadh agus a chur chun feidhme; modheolaíochtaí a shainiú; samhlacha matamaiticiúla a chur i bhfeidhm; tabhairt faoi anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil; gníomhaíochtaí staidrimh a rialáil agus a chomhordú; sonraí a léirmhíniú agus a scaipeadh; pleananna tionscadail a chur i gcrích, i measc tascanna eile. 

Mar staitisteoir, féadfaidh tú teacht ag obair leis an Aontas Eorpach mar riarthóir nó mar chúntóir.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann, ar a laghad, de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat.

Chun teacht isteach mar riarthóir, ní mór duit céim i ndisciplín ghaolmhar a bheith agat chun dul isteach ag grád AD 5 (an leibhéal tosaigh d’oifigigh ar leibhéal riarthóra); más mian leat teacht isteach ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7), ní mór duit roinnt blianta de thaithí ábhartha a bheith agat freisin.

Chun teacht isteach mar chúntóir, ní mór duit oideachas iar-mheánscoile in ábhar oiriúnach agus cúpla bliain de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith agat, sin nó oideachas meánscoile agus roinnt blianta ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha

D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Eacnamaí

Cur síos ar an bpost

Rannchuidíonn eacnamaithe chun dálaí sóisialta agus eacnamaíocha a fheabhsú do shaoránaigh den Aontas Eorpach. Cuidíonn siad chun an geilleagar a chur chun cinn, chun dul i ngleic le géarchéimeanna airgeadais agus chun straitéisí fónta a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha dhomhanda. 

Cuireann eacnamaithe comhairle ar chinnteoirí sinsearacha agus cuireann siad treoir ar fáil maidir le réimsí amhail institiúidí agus margaí airgeadais, comhtháthú agus forbairt eacnamaíoch, trádáil uile-Eorpach, airgeadas poiblí, athchóirithe struchtúracha agus an t-airgeadra aonair. 

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, maille le céim i ndisciplín gaolmhar más mian leat teacht isteach ag grád AD 5 (an grád tosaigh do riarthóirí buana), agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht ag obair linn ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7). D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Bainisteoir/cúntóir airgeadais

Cur síos ar an bpost

Cuireann bainisteoirí airgeadais comhairle ar oifigigh shinsearacha maidir le straitéisí a phleanáil chun riachtanais eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais a chomhlíonadh; tacaíonn agus cuidíonn cúntóirí airgeadais leo na cúraimí sin a chur chun feidhme. 

Sa ról atá acu, déanann bainisteoirí airgeadais riachtanais airgeadais agus buiséadacha an Aontais a shainiú; déanann siad faireachas agus anailís ar mhargaí airgeadais, ar chórais bhaincéireachta agus ar dheighleoga margaidh ar fud an Aontais; beartais airgeadais a dhréachtú agus a mheasúnú; tuarascálacha agus réamhaisnéisí airgeadais a ullmhú; nósanna imeachta airgeadais agus buiséadacha a shainiú; cuidíonn siad chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh; déanann siad nósanna imeachta soláthair phoiblí a phleanáil agus a bhainistiú, i measc cúraimí eile.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Chun iarratas a dhéanamh ar phost mar bhainisteoir airgeadais ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, maille le céim chuí más mian leat teacht isteach ag grád AD 5 (an leibhéal tosaigh d’oifigigh ar leibhéal riarthóra), agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht isteach ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7).

Chun iarratas a dhéanamh ar phost mar chúntóir airgeadais ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, maille le hoideachas iar-mheánscoile i ndisciplín ábhartha agus cúpla bliain ar a laghad de thaithí ghairmiúil, sin nó oideachas meánscoile agus roinnt blianta ar a laghad de thaithí ghairmiúil

D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.