Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Teangacha

Tá an t-ilteangachas ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh agus tá ról buntábhachtach ag aistritheoirí, profléitheoirí, dlítheangeolaithe agus ateangairí. Cuireann siad beartais agus gníomhaíochtaí in iúl i dteangacha oifigiúla an Aontais, agus ceanglaíonn siad an tAontas leis na saoránaigh trí labhairt leo ina dteanga féin dá bharr.

Aistritheoir

Cur síos ar an bpost

Ar na freagrachtaí atá orthu tá doiciméid dhlíthiúla, airgeadais agus eolaíochta a aistriú, páipéir bheartais, tuarascálacha, comhfhreagras agus téacsanna teicniúla a aistriú; comhairle fhadréimseach teanga a chur ar fáil; suíomhanna gréasáin ilteangacha a bhainistiú; eagarthóireacht a dhéanamh ar dhoiciméid bhunaidh arna ndréachtú ag oifigigh eile an Aontais, i measc cúraimí éagsúla eile.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit eolas críochnúil a bheith agat ar cheann amháin de theangacha an Aontais Eorpaigh agus sáreolas ar dhá cheann eile ar a laghad, maille le céim i ndisciplín ar bith. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Profléitheoir

Cur síos ar an bpost

Ar na dualgais atá orthu tá doiciméid a phrofléamh; téacsanna aistrithe a fhíorú ar mhaithe le leanúnachas leis an mbunteanga; ábhar a ullmhú agus a sheiceáil i bhformáidí éagsúla agus i meáin éagsúla; earráidí litrithe, gramadaí agus comhréire a cheartú; cuidiú chun na próisis táirgthe a bhaineann le foilsiú a eagrú agus monatóireacht a dhéanamh orthu, i measc tascanna éagsúla eile.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit eolas críochnúil a bheith agat ar cheann amháin de theangacha an Aontais Eorpaigh agus sáreolas ar cheann eile. Ba cheart oideachas iar-mheánscoile agus cúpla bliain ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith agat, sin nó meánoideachas agus roinnt blianta de thaithí ghairmiúil a bheith agat freisin. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Dlítheangeolaí

Cur síos ar an bpost

Cinntíonn dlítheangeolaithe an Aontais Eorpaigh go ndéantar an reachtaíocht nua uile a aistriú i gceart go teangacha eile an Aontais agus cinntíonn siad go léiríonn sí go dílis an téacs inar ceapadh ar dtús í.

Chun an post seo a dhéanamh teastaíonn dlíodóirí cumasacha a bhfuil inniúlachtaí teanga an-ard acu. Ar na cúraimí atá orthu tá nósanna imeachta reachtacha a leanúint le linn an phróisis agus feidhmiú mar chomhairleoirí; treoir a chur ar fáil maidir le dréachtú reachtaíochta; seiceáil agus athcheartú a dhéanamh ar théacsanna dlí, agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcomhlíontacht maidir leis na rialacha foirmiúla, i measc cúraimí eile. 

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit eolas críochnúil a bheith agat ar cheann amháin de theangacha an Aontais Eorpaigh, sáreolas ar dhá cheann eile ar a laghad, maille le céim sa dlí. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Ina theannta sin, is féidir deiseanna sealadacha conartha a lorg ar shuíomh gréasáin na Cúirte Breithiúnais.

Ateangaire comhdhála

Cur síos ar an bpost

Is í seirbhís ateangaireachta institiúidí an Aontais Eorpaigh an tseirbhís ateangaireachta is mó ar domhan – cinntíonn na hateangairí comhdhála go ndéantar an plé a tharlaíonn le linn cruinnithe a thiontú go dílis go teanga oifigiúil de chuid an Aontais; úsáidtear an ateangaireacht chomhuaineach nó an ateangaireacht leantach chuige sin. 

Bíonn ateangairí an Aontais ag obair i dtimpeallacht spreagúil ilchultúrtha. Ní mór dóibh a bheith in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, saincheisteanna éagsúla agus casta a thuiscint, freagairt agus oiriúnú go tapa do dhálaí athraitheacha, agus oibriú faoi bhrú chomh maith. 

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit eolas críochnúil a bheith agat ar cheann amháin de theangacha an Aontais Eorpaigh, sáreolas ar dhá cheann eile ar a laghad, maille le cáilíocht chuí san ateangaireacht chomhdhála; mar rogha air sin, ní mór duit céim a bheith agat maille le bliain amháin nó níos mó de thaithí ghairmiúilD’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Féadfar saor-ateangairí a fhostú le bheith ag obair i dteannta ateangairí foirne. Tá eolas ar fáil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe maidir le conas post mar shaor-ateangaire a fháil leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa: ‘A bheith ag obair mar shaor-ateangaire leis an Aontas’.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.