Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Iniúchóireacht

Tá ról lárnach ag iniúchóirí maidir le feabhas a chur ar rialachas agus ar bhainistiú an Aontais Eorpaigh, agus déanann siad deimhin de go mbíonn na hinstitiúidí freagrach do na saoránaigh ar a mbíonn siad ag freastal.

Ina ról, déanann iniúchóirí rialuithe neamhspleácha ar réimse leathan earnálacha agus réimsí an Aontais, déanann siad seiceáil ar ioncaim agus caiteachas an Aontais, agus fíoraíonn siad comhlíonadh dlíthe agus rialachán, i measc go leor cúraimí eile.

Iniúchóir

Cur síos ar an bpost

Tugann iniúchóirí faoi chineálacha éagsúla iniúchtaí seachtracha agus inmheánacha, agus iad ag tacú go dlúth le cinnteoirí sinsearacha. Déanann siad dualgais éagsúla lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh go mbíonn cistí an Aontais á dtiomsú agus á gcaitheamh i gceart; dlíthiúlacht na ngníomhartha a sheiceáil; measúnú a dhéanamh an ndéantar nósanna imeachta inmheánacha a fhorghníomhú mar is ceart agus comhairle shaineolach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme beartas.

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, chomh maith le céim nó cáilíocht ghairmiúil ábhartha más mian leat teacht isteach ar ghrád AD 5 (an grád tosaigh d’oifigigh ar leibhéal riarthóra) agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht isteach ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7). D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin, ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.