Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Teicneolaíocht Faisnéise

Tá an Teicneolaíocht Faisnéise ríthábhachtach d’aon riarachán poiblí nua-aimseartha. Is mar gheall ar réitigh dhigiteacha nuálacha a fheidhmíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh i gceart agus a sholáthraíonn siad a misean, agus bíonn tionchar aige sin ar shaol na milliún saoránach den Aontas.

Is éard a dhéanann speisialtóirí TF straitéisí TF a shainiú agus a chur i bhfeidhm, riachtanais ghnó a aistriú ina réitigh TF, teagmhais a réiteach, córais TF a bhainistiú agus réimse cúraimí eile a dhéanamh, chomh maith. 

Riarthóir TF

Cur síos ar an bpost

Oibríonn riarthóirí TF i réimsí amhail ardteicneolaíocht, anailísiú sonraí, ionad oibre digiteach, uathoibriú oifige, ríomhaireacht mhóibíleach, slándáil Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), bonneagar TF.

Ar na cúraimí atá orthu tá seirbhísí TF a reáchtáil, anailís theicniúil agus comhairle theicniúil a chur ar fáil, seirbhísí líonra sonraí a bhainistiú, bogearraí a fhorbairt, nósanna imeachta sláine córais agus slándála a chur i bhfeidhm, i measc go leor eile. 

Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat; céimcáilíocht iarchéime sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide más mian leat teacht isteach ar ghrád AD 5 (an grád tosaigh d’oifigigh ar leibhéal riarthóra), agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht isteach ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7). D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Cúntóir TF

Cur síos ar an bpost

Tacaíonn cúntóirí le cur chun feidhme tionscadail TF trí chuidiú le dearadh réitigh, trí shonraíochtaí gnó a dhréachtú agus trí chuidiú le pleanáil bhuiséadach agus le pleanáil acmhainní. 

Ar na cúraimí atá orthu tá anailís agus próiseáil a dhéanamh ar shonraí staidrimh agus ar fhoinsí mórshonraí; páirt a ghlacadh i gceapadh agus i gcur i bhfeidhm na réiteach Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC); rannchuidiú le seisiúin faisnéise agus le cuir i láthair, i measc go leor eile.

Na cáilíochtaí atá de dhíth 

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, agus oideachas iar-mheánscoile agus cúpla bliain de thaithí ghairmiúil ar a laghad, sin nó oideachas meánscoile agus roinnt blianta de thaithí ghairmiúil. D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.