Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cumarsáid

Tá ról ríthábhachtach ag saineolaithe cumarsáide maidir le caidreamh a chothú idir an tAontas Eorpach agus na saoránaigh.

Cabhraíonn siad leis na hinstitiúidí a bheith trédhearcach faoina ngníomhaíochtaí trí cheisteanna ó na meáin a fhreagairt maidir le cinntí an Aontais, tríd an bpobal a chur ar an eolas faoi bheartais an Aontais, trí straitéisí for-rochtana inmheánacha agus seachtracha a chur i bhfeidhm, agus trí ghníomhaíochtaí eile.

Oifigeach cumarsáide

Cur síos ar an bpost

Clúdaíonn oifigigh chumarsáide réimse mór cúraimí, lena n-áirítear: preaseisiúintí, tuarascálacha agus doiciméid eile a dhréachtú; comhdhálacha nuachta a eagrú agus a thionól; straitéisí agus feachtais chumarsáide a chruthú agus a chur i bhfeidhm; caidreamh a bhunú leis na meáin; láithreacht an Aontais a choinneáil ar fud na meán go léir; faireachán a dhéanamh ar an gclúdach a dhéantar ar na hinstitiúidí sna meáin; bainistiú a dhéanamh ar chumarsáid straitéiseach agus ar chumarsáid ghéarchéime, i measc nithe eile.
 
Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá theanga, ar a laghad, de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, agus céim in ábhar gaolmhar más mian leat teacht isteach ar ghrád AD 5 (an grád tosaigh do riarthóirí buana), agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht ag obair linn ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 6/AD 7). D’fhéadfadh sé go mbeadh buncháilíochtaí éagsúla ann, mar sin, seiceáil na riachtanais shonracha gach uair a fhoilsítear nós imeachta roghnúcháin.

Faigh tuilleadh eolais faoi na nósanna imeachta roghnúcháin agus faoi chatagóirí éagsúla foirne.

Is féidir leat breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil freisin nó cuairt a thabhairt ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.

Cúntóir cumarsáide

Cur síos ar an bpost

Cuireann cúntóirí cumarsáide tacaíocht ar fáil i róil éagsúla amhail teagmhálacha a bhunú agus a chothabháil leis na meáin agus feachtais chumarsáide a chur chun feidhme.

D’fhéadfadh sé go mbeadh cúntóirí cumarsáide ag plé le teagmhálacha leis an bpreas, leis na meáin agus leis an bpobal. Cabhraíonn siad chun doiciméid a dhréachtú, a athbhreithniú agus a ullmhú lena bhfoilsiú; imeachtaí a eagrú; doiciméid faisnéise, foilseacháin, bróisiúir agus táirgí closamhairc a ullmhú; suíomhanna gréasáin agus na meáin shóisialta a bhainistiú; tionchar na ngníomhaíochtaí cumarsáide a anailísiú.
 
Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá theanga, ar a laghad, de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, chomh maith le hoideachas iar-mheánscoile i ndisciplín ábhartha agus cúpla bliain de thaithí ghairmiúil chuí a bheith agat, sin nó oideachas meánscoile agus roinnt blianta de thaithí ghairmiúil. D’fhéadfadh sé mbeadh buncháilíochtaí éagsúla ann, mar sin, seiceáil na riachtanais shonracha gach uair a fhoilsítear nós imeachta roghnúcháin.

Faigh tuilleadh eolais faoi na nósanna imeachta roghnúcháin agus faoi na catagóirí foirne éagsúla.

Is féidir leat breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil freisin nó cuairt a thabhairt ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.