Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Nikos Z., Iniúchóir

“Chuaigh mé isteach i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2006. Mar iniúchóir, oibrím ar an mbeartas comhtháthaithe agus ar an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht, rud lena gcuirtear measúnú foriomlán ar bhreisluach chláir an Aontais ar fáil.

Ar na dualgais atá orm tá iniúchtaí a phleanáil, measúnú a dhéanamh ar fhianaise, athbhreithniú a dhéanamh ar raon leathan doiciméad, tuarascálacha a dhréachtú agus cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar údaráis agus ar thairbhithe sna Ballstáit. Is é an Béarla an phríomhtheanga oibre a úsáidimid ach bíonn roinnt teangacha eile á labhairt againn freisin. Ní mór scileanna maithe cumarsáide agus eagrúcháin a bheith agat chun an obair sin a dhéanamh.

Tá cúlra san innealtóireacht agam, agus rinne mé staidéar ar an Riarachán Poiblí ina dhiaidh sin. Cáilíodh i m’iniúchóir inmheánach deimhnithe mé in Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha, agus ansin chríochnaigh mé Máistreacht san Eolaíocht sa Bhainistíocht Iniúchóireachta agus sa Chomhairleacht. Sula ndeachaigh mé isteach i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa, bhí mé ag obair mar bhainisteoir tionscadail agus mar iniúchóir inmheánach in eagraíochtaí tionsclaíocha.”

Iniúchóir, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

stama

Stamatios A., Iniúchóir

Bím ag obair mar iniúchóir sa Choimisiún Eorpach, is ról spreagúil é a bhfuil sásamh ann. Is é an príomhchuspóir atá againn a ráthú go mbainfear leas ceart agus dlíthiúil as airgead cháiníocóirí an Aontais. Déanaim formhaoirseacht chomh maith, agus déanaim deimhin de go mbíonn na córais ag feidhmiú mar is ceart agus go gcloítear le rialacha.

Ar na gnéithe is suimiúla den ról atá agam tá an t-idirghníomhú le tairbhithe mhaoiniú an Aontais i dtíortha uile an Aontais (agus níos faide i gcéin) trí sheiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar a n-áitribh. Is iontach liom a bheith ag obair i gcomhar le comhghleacaithe ó ranna uile an Choimisiúin Eorpaigh mar cuireann sé sin léargas foriomlán ar oibríochtaí an Choimisiúin Eorpaigh ar fáil dúinn mar iniúchóirí.