6. Próiseas Réitigh Gearán
Tar éis do EPSO gearán a fháil, cuirfidh a fhoireann thiomnaithe déileála gearán tús leis an bpróiseas seo a leanas:
- Athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí ghearán an iarrthóra;
- A fhíorú gur chuir an t-iarrthóir i gcrích seiceáil réamhriachtanais theicniúil, sioncrónú nó sioncrónuithe riachtanacha, triail nascachta, nó seiceáil córais agus/nó bréagthástáil;
- Imscrúdú a dhéanamh ar an bhfadhb theicniúil thuairiscithe agus ar a tionchar ar eispéireas scrúdúcháin an iarrthóra;
- Cumarsáid a dhéanamh le foireann ábhartha tacaíochta teicniúla an tsoláthraí trialach chun a fhíorú conas a tugadh aghaidh ar an bhfadhb theicniúil agus conas a láimhseáladh í roimh an imeacht trialach, lena linn nó ina dhiaidh;
- Iarraidh ar an iarrthóir, más infheidhme, comhaid theicniúla bhreise a chur ar fáil, mar shampla seatanna scáileáin de chumraíocht an ríomhaire nó de leagan an fheidhmchláir, chun a fhíorú gur leanadh na treoracha go léir.
- A chinneadh cé acu a thagann nó nach dtagann an fhadhb faoi raon feidhme EPSO agus cén tionchar a bheidh ar phróiseas na dtrialacha dá barr.
- Freagra tráthúil a thabhairt don iarrthóir maidir le toradh a ghearáin.
I gcásanna ina ndeimhnítear an gearán a bheith bailí de réir thorthaí an imscrúdaithe, déanfaidh EPSO bearta iomchuí chun an cás a réiteach.
D’fhéadfadh na réitigh seo a leanas a bheith san áireamh i dtoradh gearáin theicniúil:
- Má léirítear go raibh údar maith le neamhábaltacht an iarrthóra an triail a dhéanamh nó leis an gcur isteach teicniúil a tháinig chun cinn (nár tharla mar gheall ar threalamh TF neamh-chomhoiriúnach nó i ngeall nár cloíodh le treoracha), agus má bhí tionchar mór ag an bhfadhb theicniúil ar shláine na dtrialacha nó má bhí an t-iarrthóir faoi mhíbhuntáiste éagórach, tabharfar deis don iarrthóir an triail/na trialacha a dhéanamh arís;
Bearta feabhais eile a mheastar a bheith iomchuí ar bhonn chúinsí na faidhbe teicniúla, nuair is iomchuí, i gcomhairle leis an mbord roghnúcháin.
D’fhéadfadh na réitigh seo a leanas a bheith san áireamh i dtoradh Gearán a bhaineann go sonrach le Mír:
Déanfar anailís sonraí i dtús ar fheidhmíocht na míreanna agus ina dhiaidh sin déanfar grinnanailís ar an ngearán chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an údar atá leis an ngearán.
- Mura bhfuil údar maith leis an ngearán, ní dhéanfar aon ghníomh.
- Má tá údar maith leis an ngearán, déanfar an gníomh seo a leanas:
An mhír a neodrú: Cinneann an bord roghnúcháin, i gcomhar le foireann síceolaithe EPSO, mír(eanna) achrannacha a ‘neodrú’. Is éard a chiallaíonn sé sin go gcuirfear an mhír/na míreanna lena mbaineann ar ceal, agus na pointí a leithdháileadh ar dtús ar an mír/na míreanna sin, déanfar iad a athdháileadh ar na míreanna eile den triail.
Is iad na hiarrthóirí a fuair an mhír/na míreanna lena mbaineann ina dtriail, agus na hiarrthóirí sin amháin, a ndéanfaidh an t-athríomh difear dóibh. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar mharcáil na dtrialacha mar atá leagtha amach sna ranna ábhartha den fhógra comórtais.
Sa dá chás de ghearáin, tá EPSO tiomanta freagra a thabhairt d’iarrthóirí ar an mbealach is iomchuí agus chomh tapa agus is féidir ach laistigh de 15 lá oibre ar a dhéanaí tríd an seoladh ríomhphoist a bhaineann lena gcuntas EPSO, i gcomhréir le forálacha Chód an Choimisiúin Eorpaigh um Dhea-Iompraíocht Riaracháin.
Séanadh: Ní chumhdaítear sa doiciméad treoraíochta seo gearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, achomhairc bhreithiúnacha ná gearáin a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh. Tá tuilleadh eolais faoi mhódúlachtaí na gcineálacha sin gearáin le fáil san fhógra comórtais faoi na rialacha ginearálta.