Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An éagsúlacht, an cuimsiú agus an comhionannas

Colleagues with a disability and of different backgrounds

An cuimsiú, an comhionannas agus an éagsúlacht a chur chun cinn, sin cuid lárnach den mhisean atá ag an Aontas Eorpach. Chun na luachanna sin a chosaint, tá sé d’aidhm ag an Aontas foireann a mhealladh a bhfuil éagsúlacht ag roinnt leo, foireann a chuimseoidh daoine de chineálacha go leor.

Déanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) gach iarracht daoine a mhealladh a bhfuil éagsúlacht buanna acu chun an éagsúlacht a mhéadú sna n-institiúidí chun a chinntiú go ndéanfaidh Státseirbhís an Aontais ionadaíocht iomlán ar éagsúlacht na saoránach atá san Aontas ar a bhfreastalaíonn sé.

Tá sé neadaithe i reachtaíocht an Aontais nach ndéantar idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail, inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach, cúlra socheacnamaíoch, teanga, reiligiún nó creideamh, náisiúntacht, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh nó aon tréith eile.

Ina phróisis roghnúcháin, féachann EPSO le comhdheiseanna agus rochtain chothrom a thabhairt do gach iarratasóir lena chinntiú go bhfaigheann siad an deis chéanna a scileanna a léiriú agus dul san iomaíocht ar bhonn comhionann.

Tá EPSO tiomanta d’aon bhacainn amhail míchumas, claonadh nó baol idirdhealaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a bhaint.

Baineann rannpháirtíocht leanúnach institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú san ionad oibre, ina bhfuil fiúntas ag gach duine agus ina bhfuil meas orthu agus ina n-aithnítear an éagsúlacht mar fhoinse saibhrithe agus nuálaíochta.

Tuilleadh eolais ar ár leathanach Comhdheiseanna.