Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Krystle, Cúntóir Cumarsáide

Tá Krystle ag obair mar chúntóir cumarsáide sa Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Tá míchumas luaineachta uirthi agus tá sí ag obair sna hinstitiúidí Eorpacha ó bhí 2002 ann.
D’fhiafraíomar di cén cineál socruithe ar leith a cuireadh ar fáil di agus an mothaíonn sí gur chuir a míchumas aon bhac uirthi ina cuid oibre.

"Chuir an Coimisiún cathaoir rothaí ar fáil dom, taca coise, cathaoir leighis agus cuireadh áit pháirceála in áirithe dom. Cuireadh barraí taca sa leithreas. Measaim go bhfuil mé iomlán rannpháirteach san fhoireann. Nuair a bhíonn cruinniú againn, tagann mo chuid comhghleacaithe chugam as a stuaim féin chun cuidiú a thairiscint dom nó chun a fhiafraí díom cad is féidir leo a dhéanamh chun cuidiú liom. Pléisiúr atá ann a mheas gur mór leo mé a bheith ann agus go n-aithnítear mo chuid oibre. Ní chaitear liom ar dhóigh ar leith, bím ag obair go crua dála gach duine eile, ach aird chineálta a bheith ag daoine orm i dtaca le gluaiseacht.”

D’iarrthóirí eile a bhfuil riachtanais speisialta acu agus atá ag déanamh iarratais ar ghairm leis an Aontas Eorpach, seo an chomhairle a thug Krystle dóibh:

“Molaim go mór iarratas a dhéanamh ar phost! Ní bac ar bith aon mhíchumas fisiceach, is ar eolas atá na comórtais bunaithe, ní ar aclaíocht. Glactar le gach duine mar atá sé, is cuma faoi náisiúntacht, dath craicinn, inscne, míchumas fisiceach, ... níl aon bhac ort. Gheobhaidh tú daoine as gach náisiún san Aontas Eorpach, agus is dearfach an rud é an éagsúlacht sin. Má tá duine ann as Málta atá faoi mhíchumas luaineachta nó duine faoi lagamharc as an Eastóin, ní dhéanfaidh sé difear ar bith. A bheith ag obair le daoine éagsúla, gan idirdhealú a dhéanamh, sin agat an ilchultúrthacht. Tá seirbhísí bunaithe ag na hinstitiúidí a chuireann fáilte roimh gach cineál duine: fíorcheart is ea an comhionannas deiseanna.”