Triail scríofa
Déantar measúnú leis an triail seo ar scileanna cumarsáide scríofa iarrthóirí.
Féadfaidh EPSO ceann amháin nó níos mó de na formáidí seo a leanas a úsáid, de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl le haghaidh gach comórtais:
- Le triail scríofa (WT), a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, déantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus orthu sin amháin.
- Le triail scríofa réimse-shonrach (FRWT), déantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra sa réimse ábhartha.
- Le haiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (EUFTE), déantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus orthu sin amháin.
Ní mór d’iarrthóirí an tasc/na tascanna a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na hábhair a chuireann EPSO ar fáil, mar atá sonraithe san fhógra comórtais. Is ar na ‘hancairí’ sonracha atá liostaithe thíos a bheidh an measúnú bunaithe. (Tagraíonn ‘ancairí’ do na gnéithe a chuireann marcóirí trialacha san áireamh, i.e. na measúnóirí, agus meastóireacht á déanamh acu ar inniúlacht ar leith.)
Déanann an t-iarrthóir an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.
- Scríobhann an t-iarrthóir go hachomair agus seachnaíonn sé focail agus abairtí nach bhfuil gá leo.
- Cuireann an t-iarrthóir ábhar i láthair ar bhealach soiléir intuigthe.
- Déanann an t-iarrthóir a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
- Úsáideann an t-iarrthóir an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc go héifeachtach.