Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Dlítheangeolaithe (AD) – an Chúirt Bhreithiúnais

Beidh ar na hiarrthóirí a ghlacfaidh páirt sa chomórtas ‘Dlítheangeolaithe (AD) – an Chúirt Bhreithiúnais’ pas a fháil sna trialacha seo a leanas:

  • Trialacha scileanna réasúnaíochta

Chun meastóireacht a dhéanamh ar a scileanna teanga, is féidir go mbeidh orthu pas a fháil i gceann amháin nó níos mó de na trialacha eolais teanga seo a leanas:

  • Triail aistriúcháin ó theanga 2 go teanga 1
  • Triail aistriúcháin ó theanga 3 go teanga 1

     

Trialacha réasúnaíochta

Is éard atá sna trialacha réasúnaíochta ceistneoirí ilrogha atá ceaptha meastóireacht a dhéanamh ar do scileanna smaointeoireachta loighciúla agus ar do chumas eolas briathartha agus uimhriúil a thuiscint, chomh maith leis an ngaol idir coincheapa teibí nach de chineál teanga, spásúil ná uimhriúil iad.

Bain triail as ár dtrialacha samplacha thíos (Tabhair do d’aire go bhféadfadh na trialacha samplacha níos mó ama a thógáil chun lódáil ná mar is gnách)

Réasúnaíocht bhriathartha – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht uimhriúil – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht theibí – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: EN

Is féidir leagan inrochtana de na trialacha samplacha sin a fháil freisin.

Trialacha aistriúcháin

Chun meastóireacht a dhéanamh ar scileanna teanga na n-iarrthóirí, is féidir go mbeidh orthu pas a fháil i gceann amháin nó níos mó de na trialacha teanga seo a leanas:

  • Triail aistriúcháin ó Theanga 2 go Teanga 1
  • Triail aistriúcháin ó Theanga 3 go Teanga 1

Bain triail as na trialacha samplacha i nGearmáinis, Béarla, Spáinnis, Fraincis, Iodáilis do Dhlítheangeolaithe.

Trialacha tuisceana teanga

Is éard atá sa triail tuisceana teanga 12 cheist ilrogha atá ceaptha measúnú a dhéanamh ar do chumais teanga ó thaobh stór focal, gramadaí/comhréire agus stíle de.

I ngach ceist cuirtear cás i láthair agus ceithre fhreagra, nach bhfuil ach ceann amháin acu ceart.

  • Marcáil: Gnóthaítear pointe amháin as gach freagra ceart. Níl aon phionóis i gceist i gcás freagraí míchearta.
  • Uainiú: Beidh 25 nóiméad agat chun an 12 cheist ar fad a líonadh isteach. Cé gur cuid den mheasúnú í an bhainistíocht ama, tá an triail deartha ionas gur féidir gach ceist a fhreagairt go réasúnta laistigh den am atá leagtha amach.
  • An t-eolas atá ag teastáil: Is ar an eolas a chuirtear ar fáil sa téacs atá na ceisteanna bunaithe, agus air sin amháin, agus níl aon eolas roimh ré ag teastáil ina leith.

Trialacha samplacha tuisceana teanga i 24 theanga