Rialacháin Foirne
Tagraíonn an téarma ‘Rialacháin Foirne’ do shraith chuimsitheach rialacha agus prionsabal lena rialaítear coinníollacha fostaíochta, cearta agus oibleagáidí an phearsanra atá ag obair laistigh d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Clúdaíonn siad réimse leathan gnéithe, cuir i gcás earcaíocht, forbairt gairme, dálaí oibre, scálaí tuarastail, slándáil shóisialta agus pinsin. Tá ról lárnach ag EPSO maidir leis na rialacháin foirne sin a chur i bhfeidhm trí phróisis roghnúcháin a eagrú agus a bhainistiú le haghaidh poist éagsúla laistigh d’institiúidí an Aontais, rud a chinntíonn go roghnaítear iarrthóirí ar bhonn fiúntais, inniúlachta agus comhionannas deiseanna. Cuidíonn na rialacháin foirne chun creat aonfhoirmeach trédhearcach a bhunú chun pearsanra an Aontais a fhostú, rud a chuireann éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus cothroime chun cinn ar fud na n-institiúidí éagsúla.
Féach freisin rialacháin foirne an Aontais Eorpaigh.