Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Ball foirne ar conradh

Bíonn roinnt cúraimí láimhe nó riaracháin á ndéanamh ag baill foirne ar conradh, agus d’fhéadfaidís acmhainneacht bhreise a chur ar fáil i réimsí speisialtóireachta nuair nach mbíonn líon leordhóthanach oifigigh bhuana ar fáil.
Is iondúil go n-earcaítear iad le haghaidh conarthaí ar théarma seasta (6 bliana ar a mhéad in aon institiúid de chuid an Aontais), ach i gcásanna áirithe is féidir conarthaí ar thréimhse éiginnte a thairiscint dóibh (in Oifigí, Gníomhaireachtaí, Toscaireachtaí nó Ionadaíochtaí).

Féach freisin: Ceisteanna coitianta a bhaineann le baill foirne ar conradh agus próiseas roghnúcháin CAST Buan.