Roghnú ball foirne ar conradh
Tá ról lárnach ag baill foirne ar conradh maidir le tacú le hobair institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Cuidíonn siad trí chúraimí riaracháin sealadacha a dhéanamh nó forlíonann siad réimsí speisialaithe ina bhfuil gá le scileanna breise. Is iondúil go n-earcaítear baill foirne ar conradh faoi chonarthaí ar théarma seasta suas le 6 bliana laistigh d’aon institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh. I gcásanna áirithe, go háirithe sna gníomhaireachtaí, sna toscaireachtaí nó sna hionadaíochtaí, féadfar conarthaí tréimhse éiginnte a thairiscint.
Féach leat conas clárú i mbunachar sonraí ball foirne ar conradh.