Skip to main content
Luachanna
- An t-ionracas – tá muinín ag baill foirne EPSO as a chéile, gníomhaíonn siad go macánta agus le dea-thoil, agus coinníonn siad leas na seirbhíse agus na n-institiúidí ar a bhfuil siad ag freastal go soiléir ina n-aigne.
- An ghairmiúlacht – reáchtálann EPSO nósanna imeachta roghnúcháin ar bhealach cothrom éifeachtúil, agus baineann sé úsáid as na cleachtais is fearr lena gcinntítear an cháilíocht agus sásamh na n-institiúidí ar a bhfuil sé ag freastal trína bhaill foirne thiomnaithe ardoilte. Tá EPSO nuálach, dinimiciúil, agus tiomanta barr a chumais a bhaint amach.
- Seirbhís ardchaighdeáin – déanann EPSO a dhícheall i gcónaí seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil go tráthúil do na hinstitiúidí ar a bhfuil sé ag freastal. Baintear sin amach trí éisteacht go cúramach lena pháirtithe leasmhara agus trí dhul chun cinn leanúnach a dhéanamh bunaithe ar an aiseolas a fhaightear uathu.
- An éagsúlacht agus an meas – cuireann EPSO an éagsúlacht chun cinn i measc a bhall foirne féin agus tacaíonn sé leo chun an iarracht is fearr is féidir a dhéanamh d’fhonn an sprioc choiteann a bhaint amach, go neamhspleách ar an gcúlra atá acu. Iompraíocht mheasúil ghairmiúil, is é sin an prionsabal lena dtugtar treoir don chaidreamh oibre laistigh de EPSO.
- An comhoibriú – cothaíonn EPSO an comhoibriú go hinmheánach agus lena pháirtithe leasmhara. Forbraíonn sé comhpháirtíochtaí ardchaighdeáin chun feabhas a chur ar a fheidhmíocht fhoriomlán ina cháil mar sholáthraí seirbhíse. Baintear úsáid ghníomhach as ardáin chomhroinnte oibre, agus moltar an úsáid sin. Le sineirgí níos doimhne tríd an bpróiseas go léir, cabhraítear leis an réamhghníomhaíocht, sin agus chun díriú ar an gcliant agus chun cultúr bairr feabhais a fhorbairt.