
Baill foirne shealadacha

Earcaítear baill foirne shealadacha chun folúntais a líonadh in institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais go ceann tréimhse shocraithe, ó chúpla mí go roinnt blianta.
Ar na cúraimí a bheadh orthu d’fhéadfaí tacaíocht rialála, dhlíthiúil, eolaíoch nó airgeadais; anailís a dhéanamh ar bheartais agus sonraí; dualgais TF, riaracháin, taighde, cumarsáide agus clársceidealaithe a bheith ann, agus cúraimí eile nach iad.
Teastaíonn cáilíochtaí agus speisialtóireachtaí éagsúla le haghaidh poist shealadacha, a bhfuil idir phoist cúntóirí agus phoist riarthóirí níos airde ann ina measc.
- Is iondúil go n-earcaítear riarthóirí ag gráid ón mbunleibhéal AD 5 suas go dtí AD 6 nó níos airde.
- Téann na gráid chúntóra idir AST 1 agus AST 3, agus leibhéil níos airde ann le haghaidh róil speisialaithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi choinníollacha fostaíochta, is féidir an doiciméad seo a léamh (i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis) agus an tábla tuarastail a cheadú, rud a bhfuil feidhm aige ón 1 Aibreán 2025.
Féach freisin na poist ar féidir iarratas a dhéanamh orthu le haghaidh baill foirne shealadacha.