FAQs
Conas a roghnaíonn na hinstitiúidí daoine ó phainéil EPSO?
Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana:
A luaithe a bheidh painéal curtha ar bun, is iad na hinstitiúidí den Aontas a bhainistíonn a n-earcaíocht féin bunaithe ar a riachtanais foirne.
Nuair a thagann folúntais chun cinn, déanfaidh na hinstitiúidí an méid seo a leanas:
- féachaint ar an bpainéal chun na hiarrthóirí is fearr a oireann do dhualgais an phoist a shainaithint;
- cuireadh chun agallaimh a thabhairt d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta (d’fhéadfadh níos mó ná institiúid amháin teagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí);
- tairiscintí poist a thabhairt d’iarrthóirí ar éirigh leo.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go bhfoilseofaí folúntais go díreach i gcuntas an iarrthóra freisin. Ansin is féidir le hiarrthóirí atá ar an bpainéal ábhartha iarratas a dhéanamh go díreach trína gcuntas.
Ní hionann d’ainm a bheith ar phainéal agus a dheimhniú go n-earcófar thú.
Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:
Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha EPSO, féadfaidh an institiúid earcaíochta cuireadh chun agallaimh a thabhairt dóibh.
Is féidir post baill foirne ar conradh a thairiscint ansin d’iarrthóirí a n-éireoidh leo.
Tabhair faoi deara:
- d’fhéadfadh an próiseas earcaíochta a bheith beagán éagsúil ó institiúid go hinstitiúid, ag brath ar a riachtanais;
- tá gach institiúid freagrach as agallaimh a dhéanamh agus as cinntí deiridh earcaíochta a dhéanamh.