Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Sílim gur cheart mé a ligean isteach sa chomórtas ar bhonn mo cháilíochtaí agus/nó mo thaithí oibre

Question categories:

Fiú má chreideann tú gur cheart do chuid cáilíochtaí/do thaithí a mheas de réir mar a thuigtear duit a bheith ceart, is tuairim shuibiachtúil é sin agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an bhoird roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise dhoshéanta go ndearna an bord earráid fhollasach.

I gcritéir mheasúnúcháin an bhoird roghnúcháin, is gnách go mbíonn liosta san áireamh de na nithe a shíleann sé a bhaineann le hábhar ó thaobh ábhair a ndearnadh staidéir orthu, dioplómaí a baineadh amach, leibhéal an dioplóma agus ábharthacht agus leibhéal na hoibre agus an fad a mhair sí. 

Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith le cinneadh an bhoird roghnúcháin tú a chur as an áireamh ar bhonn na gcritéar roghnúcháin réamhshocraithe:               

  • Ní leor an bhaint idir do dhioplóma agus réimse an chomórtais

  • Níl do dhioplóma ar an leibhéal ceart nó ní leor an fad a mhair an cúrsa as ar tháinig an dioplóma

  • Ní leor an bhaint idir do thaithí oibre agus réimse an chomórtais 

  • Ní leor an fad a chaith tú ag obair sa réimse i gceist.

  • Ní leor an taithí oibre ábhartha a fuair tú ó bhain tú amach an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas