Cá mbeidh mé ag obair má earcaítear mé?
Question categories:
Is iondúil go n-eagraíonn EPSO próisis roghnúcháin do 10 gcinn d’institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, mar seo a leanas:
- Parlaimint na hEorpa
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- An Coimisiún Eorpach
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
- An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
- Coiste na Réigiún
- An tOmbudsman Eorpach
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Eagraíonn EPSO roghnúcháin freisin, arna iarraidh sin, do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, amhail Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, an Bord Réitigh Aonair, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, chomh maith le toscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain agus ionadaíochtaí an Aontais i mBallstáit an Aontais.
Dá bhrí sin, má éiríonn leat i bpróiseas roghnúcháin, is féidir go n-earcófar thú in áiteanna éagsúla, sa Bhruiséil agus i Lucsamburg den chuid is mó. Féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise chun tuilleadh eolais a fháil.